Cad é atá i ndán di?

An bhfuil ‘what-not’ agat sa teach? (seastainín seilfeanna ó aimsir Victeoiria) Cé acu ceann atá agat sa gharáiste – ‘car’ nó ‘motor’? Ar thiomáin tú ar ‘motor-road’ riamh? An ndeir tú ‘To whom is he married?’ Cad faoi: ’Here is Mr.Walsh,than whom nobody could advise you better’? An mbeifeá ábalta capall nó príosúnach a ‘unshackle’? An mothaíonn tú ‘undisheartened’ inniu? Tá an t-ábhar seo uilig i bhfoclóir de Bhaldraithe, an foclóir oifigiúil Béarla-Gaeilge a chuir The Irish Stationery Office amach (Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais). Ba chóir ’Stationary Office’ a thabhairt ar an roinn: foilsíodh an foclóir sa bhliain 1959 agus níl athbhreithniú déanta air ó shin. Tá ‘television’ ann, ach níl ‘computer’; tá ’dish-water’ ann ach níl ‘dish-washer’) Cuireadh clúdach deas gorm ar athchló agus tá cuma iontach nua-aimseartha ar an leabhar dá bharr. Cleas gasta. Léiríonn na samplaí seo go mbíonn teanga ag athrú an t-am ar fad, toisc go mbíonn an saol ag athrú an t-am ar fad. Tagann focail nua isteach i dteanga agus imíonn focail eile gan stad. Foghlaimíonn tú na focail nua trí chumarsáid dhíreach le daoine eile agus tríd an timpeallacht theangeolaíoch: an teilifís, an raidió, na nuachtáin, na meáin shóisialta, an saol gnó, an córas oideachais. Mura bhfuil timpeallacht theangeolaíoch ag teanga, ní athraíonn sí, faigheann sí bás ar ball. Tá an Ghaeilge ar mhaisín tacaíochta beatha anois. Tá an timpeallacht Ghaeilge ag creimeadh: tá íosmhéid cainteoirí laethúla de dhíth ag teanga agus tá líon na gcainteoirí dúchais proifisiúnta ag titim. Scríobh Conchúr Ó Giollagáin, a rinne staidéar ar na mallaibh ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht nach dtugann an córas oideachais tacaíocht chuí le cainteoirí inniúla a chruthú, go bhfuil fócas an Stáit ar oidhreacht agus ar bhainistíocht cultúr i mbaol ar son foghlaimeoirí, in áit pobal teanga a chruthú agus a neartu – pobal ina mbeadh na céadta míle ag labhairt agus ag forbairt na Gaeilge ar dhóigh shainiúil i saol an uile lae.