Ag amharc siar

Tá a lán daoine ag cur spéise i stair na hÉireann anois mar gheall ar chomóradh Éirí Amach na Cásca, agus an Somme níos moille sa bhliain.

Tá a lán daoine ag cur spéise i stair na hÉireann anois mar gheall ar chomóradh Éirí Amach na Cásca, agus an Somme níos moille sa bhliain.

Tá na céadta leabhar foilsithe faoin Éirí Amach, cuid acu níos mó ná 500 leathanach. Mar sin de, cá dtosaíonn tú? Tá dearcadh de chuid de na leabhair an-chaol, dírithe ar eachtraí Sheachtain na Cásca amháin. Ach níor tharla an tÉirí Amach gan choinne. Is feinimeán leanúnach i stair na hÉireann é an t-éirí amach agus dá bhrí sin tá tuiscint ar stair ghinearálta na tíre de dhíth chun tuairim cheart a bhaint. Cuireann leabhar a d’fhoilsigh Kevin Kenna ar na mallaibh tic sna boscaí uilig. (All the Risings, 1014- 1916, Currach Press, €14.99.) Clúdaíonn an leabhar naoi bhfrithbheart i 200 leathanach. Tosaíonn gach caibidil le liosta de na príomhcharachtair. Ansin tugtar cúlra an fhrithbhirt agus cur síos ar an eachtra agus a torthaí. Tá na gnéithe éagsúla de gach ábhar leagtha amach i bparagraif le ceannteidil. Dá bhrí sin, tá tú ábalta ábhar ina bhfuil suim ar léith agat a phiocadh amach gan stró le staidéar breise a dhéanamh. Tá sleachta ón fhilíocht scaipthe tríd an leabhar agus léiríonn na léaraidí dubha agus bána an scéal go drámatúil. Déantar tagairt go minic don Ghaeilge agus do litríocht na Gaeilge. Cé gur leabhar beag é, tugann sé tuiscint mhaith ghinearálta ar chúrsa stair na hÉireann: ní suirbhé éadomhain é. Ní bheimid ábalta ár bhfadhbanna a réiteach mura bhfuil a fhios againn a bhfréamhacha. Feicimid timthriall sna himeachtaí seo: coimhlint agus troid - síocháin shealadach agus comhréiteach- coimhlint eile agus troid srl. An mbeimid in inmhe an timthriall a bhriseadh?

D’ainneoin na gciorruithe, bhí na leabharlanna áitiúla ábalta réimse maith leabhar a fháil faoi 1916. Agus ní bhíonn ort ach ceist a chur ar leabharlannaí má tá eolas breise de dhíth ort.