Ag cur catha dínn

Shocraigh foireann na Leabharlainne Lárnaí ócáid an-sultmhar eile Déardaoin seo caite.

Shocraigh foireann na Leabharlainne Lárnaí ócáid an-sultmhar eile Déardaoin seo caite.

Seo bliain mhór na gcuimhneachán. Thug Richard Doherty léacht ar Chath Jutland, an cath cabhlaigh ba mhó den Chéad Chogadh Domhanda. Staraí míleata údarásach is ea Richard: tá níos mó ná fiche leabhar foilsithe aige. Chaill an Bhreatain 16 long sa chath agus chaill na Gearmanaigh 11. Mhair an troid ón 31 Bealtaine go dtí an 1 Meitheamh, 1916. Maraíodh 6,784 Briotanach agus 3,039 Gearmánach.

Hide Ad
Hide Ad

Mhaígh na Gearmánaigh gur bhain siadsan toisc go raibh an líon a maraíodh ar a dtaobh níos lú. Ach dúirt na Briotanaigh gur bhain siadsan mar nach ndearna na Gearmánaigh ionsaí eile ón fharraige ina dhiaidh sin. I mo bharúil féin, níor bhain ceachtar acu: bhí 10,000 caillteach leis.

San eagrán reatha de ‘An Lúibín’, iris Idirlín Chumann Gaeilge na hAstráile, scríobhann Colin Ryan ar Gallipoli, ina ruaig na Turcaigh airm na gComhghuaillithe ó Chaolais na Dardainéile i 1916. Bhí 74,000 saighdiúir ón Astráil agus ón Nua-Shéalainn sa chath: gortaíodh 23,000 acu agus maraíodh 10,000. Maraíodh 45,000 ó thaobh na gComhghuaillithe ar fad agus fuair 86,000 Turcach bás. Cuireann Ryan síos ar thimpeallacht an cheantair: bhí ar na comhraiceoirí cur suas le cuileoga samhraidh agus ansin le sioc, gaoth agus tuillte an gheimhridh.

Beidh Comóradh an Somme ann an mhí seo chugainn. Thosaigh an cath sin ar an 1 Iúil 1916. Mhair sé 141 lá agus bhí níos mó ná milliún taismeach ann.

Thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne 80 bliain ó shin, ar an 18 Iúil 1936: deirtear go bhfuair leathmhillún duine bás sa choimhlint. Cleachtadh don dara Cogadh Domhanda a bhí ann. Bhásaigh níos mó ná 60 milliún duine sa chogadh sin. Agus téann an scéal ar aghaidh. Maítear go bhfuair 400,000 duine bás sa chomhrac sa tSiria go dtí seo. Tá thart fá 500,000 marbh san Iaráic agus thart fá 30,000 marbh san Afganastáin mar gheall ar an chogaíocht. Nach féidir leis an chine daonna i ndiaidh na mílte bliain de shibhialtacht fadhbanna a réiteach ar dhóigh eile?