An Bealach Amach

Bealach amach' '“ sin an focal reatha na laethanta seo. Thaispeáin an Bhreatain Bheag an bealach amach do Thuaisceart Éireann. Ansin bhuail Poblacht na hÉireann an bóthar i ndiaidh an chluiche in éadan na Fraince. Dé Luain seo caite bhí ar Roy Hodgson agus an fhoireann Shasanach an bealach abhaile a aimsiú.

Bealach amach’ – sin an focal reatha na laethanta seo. Thaispeáin an Bhreatain Bheag an bealach amach do Thuaisceart Éireann. Ansin bhuail Poblacht na hÉireann an bóthar i ndiaidh an chluiche in éadan na Fraince. Dé Luain seo caite bhí ar Roy Hodgson agus an fhoireann Shasanach an bealach abhaile a aimsiú.

Ach mar bharr ar an donas, tháinig an Bréalú an tseachtain seo a chuaigh thart. Is breá liom an focal nua sin: comhghairdeas leis an té a chum (Breatain+ éalú). Agus d’éirigh David Cameron as. Tá leagan nua den seanamhrán ón Chéad Chogadh Domhanda ann anois: ‘It’s a long way to kick a Tory’. Ba mhaith le baill áirithe de Pháirtí an Lucht Oibre cúl Jeremy Corbyn a fheiceáil. Bhuail comh-aireacht an fhreasúra an bóthar. An fearr leo an bréagadóir a bhí mar cheannasaí acu cúpla bliain ó shin ná fear macánta dáiríre atá acu anois?

Hide Ad
Hide Ad

Tá a lán pléite faoi impleachtaí an imeachta don tír seo. Dúradh linn go mbeadh daoine ábalta taisteal ar fud an oileáin gan fadhb ar bith. Ach dúradh linn fíorbheagán faoi earraí. Tá an t-im sa bhrachán anois. An mbeidh earraí in ann bogadh idir an dá stát saor ó cháin? Cad faoi mhorgáistí na ndaoine atá ina gcónaí sa Deisceart agus atá ag obair sa Tuaisceart? An mbeidh muid ag dul siar chun na seanlaethanta nuair a thraenáil feirmeoirí na bá dul trasna na teorann ar gcúl? An mbeidh Mamó ag dul go príosún i ndiaidh iarracht a dhéanamh dosaen uibheacha a smuigleáil ó thaobh amháin den teorainn go dtí an taobh eile? Agus i ndáiríre, cad faoi shábháilteacht ag an teorainn? Seo cuid de na ceisteanna atá le plé.

Cuireann sé isteach go mór orm gur bhain feisirí Parlaiminte áirithe úsáid as an Reifreann mar uirlis pholaitiúil ina gcoimhlintí ceannasaíochta, in áit a bheith ag smaoineamh ar leas an phobail. Admhaím go bhfuil dhá insint ar an scéal. Tá mé ag rá go simplí gur chóir iad a léiriú dúinn go hionraic.

Related topics: