DCSIMG

‘An bhfuil Gaeilge agat?’

rss
Breithlá sona!(?)
Osclaíodh Stormont ar an 16 Samhain1932. Rinne Edward, an rídhamhna, an searmanas. Caithfidh tú admháil gur foirgneamh galánta atá ann. Tá sé suite in eastát ciúin 300 acra, i bhfad ó chroílár Bhéal Feirste, le radhairc dheasa thart timpeall. Tá mé cinnte go bhfuil éad ar mhuintir na hAlban. Tá suíomh 4 acra ag a bParlaimint agus tá sí suite díreach ar imeall na príomhchathrach plódaithe. Tá daonra 5.295 milliún ag Albain agus tá 1.811 milliún ina gcónaí i dTuaisceart Éireann. Tá 129 ball ag Parlaimint na hAlban agus tá 108 ball againne sa stáitín seo. Níl mé go maith ag Mata, ach sílim go bhfuil seasca ball le spáráil againne.
 
 

Back to the top of the page