An Somme

Fiosracht an pháiste

Fiosracht an pháiste

-Cad chuige a ndíolann siad poipíní, a Mham,

I lár an bhaile inniu?

-Is bláthanna an ghrá na poipíní, a stór,

Dóibh siúd a d’imigh ar shiúl.

-Ach cad chuige ar roghnaigh siad poipín, a Mham?

Níor roghnaigh siad rós an-deas.

-Throid laochra go tréan agus fuair siad bás, a stór,

In áit a raibh poipíní ag fás.

-Ach cen fáth a bhfuil na poipíní dearg, a Mham?

Cad chuige an dearg an-gheal?

-Mar is é an dearg dath na fola, a stóirín,

Dath fhola na bhfear cróga ar ceal.

-Ach cén fáth a bhfuil croí an phoipín dubh, a Mham?

Cén fáth a bhfuil sé ciardhubh?

-Toisc gurb é an dubh siombal an bhróin, a stór.

Léirimid brón faoi na mairbh, is dúil.

-Ach cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh, a Mham?

Tá tú ag briseadh do chroí.

-Tá mé ag smaoineamh is ag breathnú ortsa, a stór:

Déanann an saol mór dearmad arís.

Seo leagan Gaeilge de dhán atá scríofa ar phíosa bróidéireachta sa taispeántas ‘The Somme’ atá ar siúl faoi láthair in Ardeaglais Cholm Cille. Cosúil leis na cinn eile san Ardeaglais, tá an taispeántas seo simplí, ach éifeachtach. Is fiú go deo cuairt a thabhairt air.

Léiríonn an taispeántas uafás an chogaidh ar dhóigh dhrámatúil. Cuireann sé go mór lenár n-eolas agus lenár dtuiscint. Cailleadh daoine ón dá phobal anseo sa choimhlint. Tá ceacht sa tionscnamh seo d’achan duine sa tír.