Domhan ar mire

Bhí fear óg ann fadó a raibh fadhb shíceolaíochta uafásach aige: bhí éad air leis a dheartháir.

Bhí fear óg ann fadó a raibh fadhb shíceolaíochta uafásach aige: bhí éad air leis a dheartháir. Bhí jab níos fearr agus níos sultmhara ag an deartháir.

In áit an fhadhb a phlé le duine éigin agus comhairle a fháil, chinn an fear óg ar réiteach ghasta: mharaigh sé a dheartháir. Níor réitigh an dúnmharú an fhadhb, ar ndóigh. Theith sé agus chaith sé an chuid eile dá shaol mar dhuine ar a sheachaint, ag dul ó áit go háit, cráite agus gan dóchas. Cain bocht.

Hide Ad
Hide Ad

Ach níor fhoghlaim daoine a tháinig ina dhiaidh ceacht ar bith. Is í stair an chine dhaonna stair na cogaíochta. Fuair 18 milliún saighdiúir agus seacht milliún saoranach bás sa Chéad Chogadh Domhanda. D’imigh 30,000 Éireannach le troid ‘ar son na náisiún beag’ agus níor tháinig siad ar ais. Cailleadh thart fá 60 milliún sa Dara Cogadh Domhanda. Maraíodh thart fá 3,500 sna Trioblóidí anseo.

Feicimid an t-uafás sa tSiria lá i ndiaidh lae. Thréig 10 milliún duine a dtithe. Tá níos mó ná 4 milliún ina dteifigh Tá an chuid is mó de na hotharlanna scriosta. Rinneadh smionagar de chathracha seanda. Cé a smaoinigh gur féidir an ghéarchéim sa tSiria a réiteach le cogadh? Is léir gur chóir do gach taobh suí síos agus iarracht a thabhairt ar aontú intinne a bhaint a amach.

Ach de dhéanta na fírinne, tá grúpaí cumhachtacha ann nach bhfuil suim acu sa tsíocháin. Is é an Ríocht Aontaithe an dara díoltar is mó d’airm ar domhan. Tá luach € 400 billiún sa bhliain ar ghnó na n-arm. Is mian le Rialtas na Breataine trí fhomhuireán núicléach nua a cheannach. Ag an am céanna tá siad ag gearradh siar ar shláinte agus oideachas. Tá an domhan ar mire gan dabht ar bith. Nach féidir sochaí a chruthú ina bhfuil gach duine sábháilte le dídean agus bia go leor, in áit níos mó gléasanna troda a chruthú?