Dubhghlas de hÍde

Toghadh Dubhghlas de hÍde mar chéad Uachtarán na hÉireann ar an 25 Meitheamh 1938. Rugadh é i gContae Ros Comáin sa bhliain 1860 agus fuair sé bás i mBaile Átha Cliath i 1948.

Toghadh Dubhghlas de hÍde mar chéad Uachtarán na hÉireann ar an 25 Meitheamh 1938. Rugadh é i gContae Ros Comáin sa bhliain 1860 agus fuair sé bás i mBaile Átha Cliath i 1948.

Reachtaire de chuid Eaglais na hÉireann ba é a athair. Chuir seisean oideachas ar a mhac sa bhaile.

Hide Ad
Hide Ad

Bhí an ceantar inar tógadh de hÍde ina bhreac-Ghaeltacht ag an am agus d’fhoghlaim sé Gaeilge ó na comharsana agus ó sheansearbhónta sa teach. Chuir sé suim mhór sa teanga agus thosaigh sé ag scríobh dialann i nGaeilge nuair a bhí sé 16 bliain d’aois. Rinne sé staidéar sa teanga ó ghraiméar a scríobh William Nelson, ministéir Preispitéireach as Contae an Dúin.

Bronn Coláiste na Tríonóide céim sa nualitríocht air i 1884, céim sa dhiagacht i 1885 agus LLD i 1888. Rinneadh ball d’ Acadamh Ríoga na hÉireann é an bhliain dár gcionn. Toghadh é mar Uachtarán ar an National Literary Society i 1892. Bunaíodh Conradh na Gaeilge ar an 31 Iúil 1893 agus toghadh é mar Uachtarán na heagraíochta nua. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann. D’aistrigh sé a lán ábhair ó Ghaeilge go Béarla, scríobh sé filíocht agus scríobh sé an chéad dráma nua-aimseartha sa Ghaeilge.

Bhí spéis aige sa Ghaeilge mar ghné bhunúsach de chultúr na hÉireann. Bhí sé i gcoimhlint i gcónaí le polaiteoirí a bhí ag iarraidh tionchar a bheith acu air féin agus ar an Chonradh. D’éirigh sé as uachtaránacht an Chonartha nuair a moladh ag an Ardfheis i 1915 go mbeadh neamhspleáchas polaitiúil mar sprioc ag an ghluaiseacht. Lean sé ar aghaidh lena obair acadúil, ag scríobh agus ag bailiú seanchais. Tugann saol agus saothar de hÍde ceachtanna dúinn. Ní uirlis pholaitiúil í an Ghaeilge. Ní rud seichteach do ghrúpa reiligiúnda amháin í ach oiread. Is le gach aon duine í. Tá saibhreas cultúrtha i dtraidisiún na Gaeilge nach n-aithnítear, rud a léiríonn cé chomh tábhachtach is atá taighde agus staidéar sa teanga