Na Modhaigh

Téann an ceangal idir an Eaglais Mhodhach agus Iarthuaisceart Éireann i bhfad siar.
John  Wesley.John  Wesley.
John Wesley.

Téann an ceangal idir an Eaglais Mhodhach agus Iarthuaisceart Éireann i bhfad siar.

Déanann bunaitheoir na hEaglaise, John Wesley, cur síos ina dhialann ar chuairt a thug sé ar Éirinn i 1769. Thug sé seanmóir ‘in a village called The New Buildings’. Labhair sé chomh maith i nDún Geimhinn agus bhí ‘teach lán’ aige dhá uair i nDoire.

Hide Ad
Hide Ad

Rinne an Eaglais nua dul chun cinn, cé go raibh sí ina mionlach i gcónaí. Osclaíodh an foirgneamh álainn ar Bhóthar Carlisle i 1903. Chuaigh an Eaglais i ngleic le fadhbanna sóisialta, leas na bpríosúnach agus an sclábhaíocht ina measc ón chéad lá. Leanann an Eaglais ar aghaidh lena hobair shóisialta. Eagraítear seirbhísí agus imeachtaí do phobal na hEaglaise i Halla Chluanaidh i nDoire Trasna, agus cuirtear na háiseanna ar fáil don phobal taobh amuigh go ginearálta. Tá tearmann d’fhir gan dídean acu i nDoire ina ndéanann an fhoireann jab domheasta.

Is mionlach iad na Modhaigh, ach bíonn siad ag troid i gcónaí ‘ag meachán níos troime’. Tá dhá thimpeall bheaga acu in Inis Eoghain agus halla i mBun an Phobail. Baintear úsáid as an halla d’imeachtaí i gcomhar leis na trí Eaglais eile sa bhaile chomh maith le himeachtaí dá gcuid féin. Ach tá drochbhail ar an fhoirgneamh- tá sé níos mó ná céad bliain d’aois. Tá sé ar intinn ag na riarthóirí an foirgneamh a leagan agus halla nua a thógáil ar an suíomh. Tá an Eaglais ag eagrú ceolchoirme le hairgead a chruinniú don tionscnamh sa teampall Mhodhach ar Bhóthar Carlisle ar an Domhnach, 4 Meán Fómhar. Tá áit lárnach ag an cheol i dtraidisiún na Modhach: tá clú agus cáil ar John Wesley agus a dhearháir Charles mar chumadóirí iomann. Tá lántacaíócht tuillte ag an ócáid seo ó bhunadh na háite chun ár mbuíochas den tsárobair a dhéanann an Eaglais Mhodhach ar son an phobail i gcoitinne a léiriú.