Ag taisteal

Bhí an saol i nGleann Gad thar a bheith difriúil seasca bliain ó shin. Sílim go raibh cúig charr sa cheantar.

Bhí an saol i nGleann Gad thar a bheith difriúil seasca bliain ó shin. Sílim go raibh cúig charr sa cheantar.

Carranna teaghlaigh ab ea iad agus baineadh úsáid as cuid acu mar thacsaithe chomh maith. Ba nós leis na páistí siúl ar scoil- trí nó ceithre mhíle b’fhéidir (cosnochta go minic). Shiúil daoine ó Ghleann Gad go Carn Domhnach go rialta – naoi míle, agus naoi míle ar ais. Ba bhreá liomsa dul go Bun Chranncha ag rothaíocht. Chuaigh deartháir mo sheanathar go Málainn ar a rothar agus bhí sé níos mó ná ochtó bliain d’aois ag an am sin.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Uaireanta feictear cúig charr ag doras amháin anois. Téann na páistí go geata na scoile sa charr. I nDoire déanann an trácht fálróid ollmhór mar gheall ar pháistí ag dul ar scoil agus daoine ag dul chuig a gcuid oibre sa ghluaisteán. Sa Phoblacht téann níos mó ná milliún duine go dtí a gcuid oibre ag tiomáint. Téann 100,000 mar phaisinéirí. Ní úsáideann ach 170,000 iompar poiblí.

Ach tá cúrsaí ag athrú. Tuigeann tuismitheoirí áirithe go ndéanann siúlóid maitheas dá bpáistí – agus dóibh féin! - agus siúlann siad ar scoil in éineacht leo. Feictear níos mó rothaithe anois ar na lánaí rothair, cé go bhfuil an rothaíocht contúirteach go leor.

Beidh an ola ídithe roimh i bhfad cibé ar bith – ní bheidh an dara rogha againn- beidh orainn uilig ár nósanna a athrú. (Ná déan dearmad go raibh an mhóin flúirseach in Éirinn caoga bliain ó shin, agus tá sí chóir a bheith ídithe anois.) Idir an dá linn, tá an truailliú ag méadú an téamh domhanda agus ag scriosadh an phlainéid. Mura bhfuilimid ábalta an carr a thabhairt suas, ba chóir dúinn gan é a úsáid chomh minic sin. In áit níos mó bóithre a thógáil, ba chóir iompar poiblí a chur chun cinn le fóirdheontais sa bhreis. Cad faoi na táillí a laghdú faoina leath? Nó cad faoi iompar poiblí saor in aisce d’achan duine? Ceisteanna maithe d’iarrthóirí toghcháin.