AGALLAMH BEOMHAR

0
Have your say

Go ginearálta bíonn agallaimh le lucht na polaitíochta thar a bheith leadránach. Ach an mhí seo (mí Aibreáin ) in beo.ie, tá agallamh éisiach ag Balor Béimeann leis an iarThaoiseach, Bertram Ó Hernia. Ná caill é!

Ní thugann Bertram an t-agallamh fá choinne é féin a chur chun cinn- fágfaidh sé sin do lucht na staire, a deir sé, - ní maith leis a bheith ag déanamh gaisce.

Ag caint ar an Dáil, deir Bertram gur boichte an áit gan na Glasraí (sic). ‘Bhí siad mar pheataí agam nuair a bhí mé i mbun cúrsaí. Rinne siad gach rud a dúirt mé leo a dhéanamh.’ Crónaíonn sé na trí Mary’s: ‘Creidim go bhfuil na Mary’s seo i ndiaidh fógra a chur isteach in Ireland’s Own (ag lorg fir).’ Agus é ag caint ar na baill nua, deir Bertram go bhfuil daoine ann a chaitheann dóp agus daoine eile a bhíonn dópáilte gan dul in aice le dóp.

Ar nóta polaitiúil níos dáiríre, tá alt ag Donncha Ó hÉallaithe, ‘Scrúdú Iarbháis an Toghcháin’. ‘Ní athrófar an patrún polaitíochta atá againn sa tír seo: is é seo, Fianna Fáil ag malartú cumhachta ó am go ham le Fine Gael/an Lucht Oibre agus Fianna Fáil ag filleadh tar éis sosa mar gheall go ndeachaigh an Lucht Oibre isteach sa Chomhrialtas seo.’

Mura bhfuil suim agat sa pholaitíocht, tá ailt in Beo faoin Ghaeilge, chomh maith le tuairiscí ó Oileán Thoraí, ó Albain, ón Fhrainc, ón Astráil (sin éagsúlacht duit) agus a lán eile.

Tugaim fá dear go bhfuil méadú suntasach i líon léitheoirí Beo. Ní chuireann sin iontas orm. Déan cinnte go bhfuil tusa ina measc!