An Ghaeilge agus 1916

Bhí ról ríthábhachtach ag na nuachtáin i gcomóradh Éirí Amach 1916.

Bhí ról ríthábhachtach ag na nuachtáin i gcomóradh Éirí Amach 1916.

Bhí ailt ar leith i nuachtáin áirithe – an Journal ina measc. Foilsíodh macasamhla de nuachtáin ón am sin. Bhí eagráin speisialta d’irisí ann. Bhí forlíonta i gcuid de na nuachtáin. Léiríonn an tairgeacht seo go bhfuil áit lárnach ag an phreas in oideachas an phobail go fóill. D’fhoilsigh an Irish Times forlíonadh lán-Ghaeilge. Tugann na hailt eolas agus ardaíonn siad ceisteanna bunúsacha faoin Ghaeilge agus faoi shaol na Gaeilge. Ba mhaith liom cúpla alt a lua.

Scríobhann Mícheál Ó Máirtín ar na constaicí a cuireadh roimh an Ghaeilge sa Tuaisceart – cúis náire ar fad - agus ar an dul chun cinn a rinneadh d’ainneoin sin.

Deir Alan Titley go bhfuil scéal litríocht na Gaeilge ar cheann de na gaiscí is mó a tharla de thoradh na hAthbheochana. Ina aiste tugann sé cur síos gonta ar scríbhneoirí móra na haoise seo a chuaigh thart. Aontaím leis go bhfuil scríbhneoirí eirimiúla againn, ach is mionlach iad agus is scata beag é lucht na léitheoireachta.

Tá cúpla alt ann faoin Ghaeltacht. Tá Anna Ní Ghallachóir dóchasach: tá borradh ann maidir le healaíona agus faoi chultúr na Gaeltachta agus tá cúrsaí eacnamaíochta feabhsaithe. Ach admhaíonn sí go bhfuil tionchar suntasach ag an Bhéarla. Amharcann Áine Ní Chiaráin ar an fhorbairt a bhaineann leis an Ghaeltacht fosta, ach tugann sí glao dúisithe: tá straitéis chuimsitheach de dhíth. I staidéar a foilsíodh anuraidh dúradh nach bhfuil fágtha anois ach deich mbliana don teanga sna ceantair Ghaeltacha. De réir daonáireamh 2011, ní labhraíonn ach 23,175 duine sa Ghaeltacht an teanga go laethúil.

Dúradh cúpla bliain ó shin gurbh fhéidir na cainteoirí Gaeltachta uilig a choinneáil taobh istigh de Pháirc an Chrócaigh. Má théann cúrsaí ar aghaidh mar atá siad, beifear ábalta iad uilig a choinneáil i bPairc Brandywell roimh i bhfad.