An imirce

Tá an imirce i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar na mílte duine atá ag teitheadh ón fhoréigean agus ón scrios sa Mheánoirthear agus san Afraic.

Tá an imirce i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar na mílte duine atá ag teitheadh ón fhoréigean agus ón scrios sa Mheánoirthear agus san Afraic.

Tá a fhios ag muintir na hÉireann cad is imirce ann, ar ndóigh: d’imigh na milliúin duine ón tír seo thar sáile ón Ghorta ar aghaidh, agus fuair na mílte bás ar a mbealach go tíortha nua, cosúil leis na daoine bochta a fheicimid gach lá ar an teilifís.

Sa bhliain 1937 bhí máthair de chara dár gcuid as Acaill i gContae Mhaigh Eo ag obair in Albain, ag baint na bprátaí. Bhí sí ag stopadh ag feirm taobh amuigh de Kirkintilloch, ocht mile ó lár Ghlaschú. Ar an 17 Meán Fómhair ar maidin d’fhág sise agus a meitheal an fheirm le fostú a fháil ar fheirm eile. An oíche sin, maraíodh deichniúr fear óg as Acaill i mbothán ar an chéad fheirm nuair a chuaigh an foirgneamh trí thine.

Níorbh é sin an chéad tragóid a bhuail imirceoirí séasúracha as Acaill. Ar an 14 Meitheamh 1894 bádh ocht duine is tríocha ón oileán ar a mbealach ar ais ó Albain.

Sa bhliain 2007 d’eagraigh Conradh na Gaeilge i nGlaschú taispeántas chun tragóid 1937 a chomóradh. Idir sin is tráthas bogadh an taispeántas go hÁrainn Mhór- áit ar tharla tubaiste eile ar an 9 Samhain 1935, nuair a bádh 19 duine a bhí ag filleadh ar an oileán. Bhí 13 acu ag teacht ar ais ó bhaint na bprátaí in Albain. Bhí seisear acu sa chlann chéanna.

Ní tragóid ar fad an imirce. Déanann na milliúin duine go maith ina dtíortha nua, agus cuireann siad le forbairt na dtíortha sin. Ach ní hionann imirceoirí a théann thar lear gan brú ar bith orthu agus dídeanaithe.Ta dualgas orainn mar dhaoine deireadh a chur le cúiseanna le fadhb na ndídeanaithe, chan amháin anseo ach ar fud an domhain. An chúis is mó? An chogaíocht, ar ndóigh.