Athrú mór ar Ghlaschú

Tá athrú mór ar an chathair is mó in Albain. D’amharc mé amach fuinneog na traenach ar mo bhealach isteach go dtí an Stáisiún Láir an tseachtain seo caite ar na droichid (!) nua ar an abhainn agus ar na foirgnimh úra in Anderston – oifigí, ceolárais, ionaid spóirt, lárionad eolaíochta, - ceantar slumaí a bhí ann roinnt blianta ó shin.

ílim gur thosaigh athbheochan na cathrach le Féile na nGairdíní sa bhliain 1989: glanadh suas ceantar na longchlós agus tógadh árasáin san áit a raibh na seandugaí. An bhliain ina dhiaidh sin ainmníodh Glaschú mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa: bhí pléascadh cultúrtha ann, le himeachtaí ar fud na cathrach agus fuair muintir na háite a lán muiníne dá bharr. Agus anois tá Glaschú ag ullmhú do Chluichí an Chomhlathais an bhliain seo chugainn, le staideanna nua agus sráidbhaile do na lúthchleasaithe. Thug an leathmharatón íomhá iontach den chathair do lucht féachana BBC2 ag tús na míosa seo.

Téann an fhorbairt chultúrtha ar aghaidh. Is gné an-suntasach den fhorbairt sin gníomhartha an dá ghrúpa Gaeilge sa chathair – Gaeil na hÉireann agus Gaeil na hAlban. Coicís ó shin tháinig Conradh na Gaeilge agus an Lòchran le chéile arís le dianchúrsaí sa dá theanga a eagrú. Bhí ceardlann ag Lillis Ó Laoire, an t-amhránai sean-nóis, faoi scáth an dá eagras ar an lá céanna. Tá ócáidí mar sin an-tábhachtach chan amháin ó thaobh na teanga de, ach ón taobh sóisialta de chomh maith. Bhí mí-chlú ar Ghlaschú maidir le biogáideach san am a chuaigh thart. Tugann na Gaeil dea-shampla don phobal ar fad, i dtaca le comhoibriú cultúrtha agus oideachasúil.

Bhí an teideal Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa mar phreabchlár do Ghlaschú. Tá súil agam go mbeidh Doire in ann dul ó neart go neart mar chathair chultúrtha sna blianta atá romhainn.

There has been a great change in Scotland’s biggest city.

I looked out the window of the train on my way into the Central Station last week at the new bridges (!) over the river and the new buildings in Anderston- offices, concert halls, sports centres, a science centre – in what was a slum area a few years ago.

I think the revival started with the Garden Festival in 1989: the shipbuilding area was cleaned up and flats were built on the site of the old docks.

The following year Glasgow was named Cultural Capital of Europe: there was a cultural explosion with events throughout the city and local people’s confidence received a boost.

And now Glasgow is preparing for the Commonwealth Games next year with new stadiums and an athletes’ village.

At the start of the month the half marathon gave BBC2 viewers a great impression of the city.

The cultural development continues. The activities of the two Gaelic groupings in the City are a noticeable aspect of that development.

Two weeks ago Conradh na Gaeilge and An Lochran came together again to organise intensive courses in the two languages.

Lillis Ó Laoire, the sean-nós singer, conducted a workshop under the auspices of the two organisations.

Events like this are not only important from the point of view of language, but they are also important socially.

Glasgow had a dreadful reputation for bigotry in the past.

The Gaels give a fine example to the whole community as regards cultural and educational cooperation.

The title Cultural Capital of Europe was a springboard for Glasgow.

I hope Derry will go from strength to strength as a city of culture in the years ahead.

Sílim gur thosaigh athbheochan na cathrach le Féile na nGairdíní sa bhliain 1989: glanadh suas ceantar na longchlós agus tógadh árasáin san áit a raibh na seandugaí. An bhliain ina dhiaidh sin ainmníodh Glaschú mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa: bhí pléascadh cultúrtha ann, le himeachtaí ar fud na cathrach agus fuair muintir na háite a lán muiníne dá bharr. Agus anois tá Glaschú ag ullmhú do Chluichí an Chomhlathais an bhliain seo chugainn, le staideanna nua agus sráidbhaile do na lúthchleasaithe. Thug an leathmharatón íomhá iontach den chathair do lucht féachana BBC2 ag tús na míosa seo.