Bliain eile thart

0
Have your say

Nuair a amharcann tú siar, tá sé doiligh a bheith dóchasach.

Thosaigh an bhliain le Charlie Hebdo agus chríochnaigh sé le hionsaí uafásach eile i bPáras na Fraince. Chuaigh an scrios agus an bás ar aghaidh ina lán tíortha eile i rith na bliana. Ní luaitear iad go minic – bíonn ar na nuachtáin spás a dhéanamh do na réaltaí spóirt agus teilifíse. Tá tionsclaíocht na n-arm ag déanamh go han-mhaith, go raibh maith agat. Dhíol an tír bheag neodrach seo s’againne earraí cogaíochta luach €81 milliún an bhliain seo. Bhí Iosrael, an Araib Shadach, an Iaráic, an Afganastáin agus an Cholóim i measc na gcustaiméiri.

Chonaic muid an scrios leanúnach i Siria. Theith na mílte ón tír sin agus ó thíortha eile sa Mheánoirthear agus san Aifric. Fuair thart fá 3,000 bás ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach i mbáid róphlódaithe. Bhí na mílte ag iarraidh fáil isteach i Sasana tríd an Tollán.

Mar bharr ar an donas, tháinig na stoirmeacha. Nuair a luaigh na meáin téamh domhanda den chéad uair, shíl a lán daoine nach mbeadh orainn dul thar lear níos mó chun an ghrian a fháil: bheadh aeráid na hÉireann cosúil leis an aeráid Mheánmhuirí, go mbeadh tithe spéire agus árasáin agus óstáin an bealach ar fad ó Chionn Mhálanna go Cionn Sáile. Ach tá an aimsir bunoscionn agus tá Éire níos fliche ná mar a bhí sí riamh.

Ní rudaí nua na stoirmeacha in Éirinn, ar ndóigh. I rith Oíche na Gaoithe Móire 1839, leagadh 70,000 crann ar eastát amháin i gContae Mhaigh Eo agus rinneadh damáiste do idir cúigiú agus ceathrú de na tithe i mBaile Átha Cliath. Rinneadh dochar forleathan ar oíche 12-13 Eanáir 1974 nuair a taifeadadh gaoithe 124 m.s.u. i gContae an Dúin. Ach is cinnte go n-éireoidh cúrsaí níos measa mura ndéanaimid rud éigin radacach go práinneach faoi théamh domhanda. Táimid ag creachadh an phláinéid agus táimid uilig ciontach. Bliain úr mhaith dár léitheoirí go léir!