Cad é an scéal?

1
Have your say

Tá mé ag amharc ar thuairisc ar an Idirlíon faoi láthair: Tá Nuacht24 le seirbhís nuachta Ghaeilge le forbairt. D’fhoilsigh gaelport.ie, seirbhís eolais Ghaeilge, an píosa sin.

Tá mé ag amharc ar thuairisc ar an Idirlíon faoi láthair: Tá Nuacht24 le seirbhís nuachta Ghaeilge le forbairt. D’fhoilsigh gaelport.ie, seirbhís eolais Ghaeilge, an píosa sin.

Ach ar an drochuair, foilsíodh é i mí Iúil 2006. Níl gaelport againn níos mó agus tá Nuacht 24 ar shiúl fosta. Tá seirbhísí eile imithe ó shin, ach ní fiú a bheith ag gearáin. ‘Sin cnámh agat agus cuir féin feoil air’.

Tá tuairisc.ie ar an ghréasán, nuachtán Idirlín a tháinig isteach in áit Gaelscéal, an páipéar seachtainiúil. Tá tuiriscí suimiúla ann. Scríobhann Kevin Hickey alt faoin chéatadán de pháistí a fhaigheann oideachas trí Bhéarla sa Ghaeltacht – 35%! Scríobhann Póilín Ní Chiaráin ar chúrsaí reatha: ‘An port céanna atá ag Peter Robinson agus Martin McGuinness, iad araon ag cáineadh na gceardchumann a rinne ionsaí fiachmhar ar Chomhaontú Stormont.’ (Is iriseoir agus craoltóir den scoth í Póilín: bhí sí ag obair i nDoire le BBC Raidió Uladh lá den saol.) Scríobhann Alex Hijmans ar chúrsaí sa Ghréig, ‘a thug an daonlathas dúinn fadó, fadó, nuair ab í cliabhán shibhealtacht an Iarthair- seachas tírín bancbhriste ar imeall na hEorpa’. Ach tá an tseirbhís teoranta: tá tuairisc ann, ‘Bád Árannach imithe go tóin poill- an cúigear a bhí ar bord slán’, ach tá sé ann ón 20 Eanáir. Más mian leat ‘nuacht the’ a fháil, gabh chuig Nuacht RTÉ, áit a bhfaigheann tú achoimrí nuachta, clóite agus ar fhíseán. Seirbhís an-phroifisiúnta atá ann, ach arís tá sé teoranta- tuairiscí gairide, gan tuairim.

Tá dhá chineál páipéar de dhíth orainn: nuachtán idirlín, agus nuachtán clóite ina bhfuil ‘nuacht the’, cúrsaí reatha, ailt ghinearálta, tuairimí, spórt, faisean, siamsaíocht, léirmheasanna, nuachtáin ar a scríobhann na hiriseoirí is fearr sa tír. B’fhéidir go mbeidh an dá shórt nuachtáin againn lá éigin agus go mbeidh na mílte léitheoir rialta acu. Ach cad é sin? Tá mé díreach i ndiaidh dhá ghealach a fheiceáil sa spéir!