Ceachtanna ón stair

‘Ní gaois iarghaois’, de réir an tseanfhocail, ach is féidir a lán a fhoghlaim ón stair, agus b’fhéidir fadhbanna a sheachaint san am atá le teacht dá bharr.

Tá fás agus forbairt ar irisí staire a thugann eolas dúinn ar na daoine a chuaigh romhainn. Chomh maith leis sin, spreagann siad bród.

Go traidisiúnta d’fhulaing oibrithe na hÉireann coinníollacha oibre uafásacha anseo agus thar lear. Bhí an sclábhaíocht ar na ceannlínte ar na mallaibh – ach ní rud nua é sin. Bhí sclábhaíocht in Éirinn go dtí lár an chéid seo caite, chóir a bheith.

Bhí aontaí fostaithe i nDoire, i Leitir Ceanainn, ar an Srath Bán, ar an Ómaigh, i gCarn Domhnach, i Léim an Mhadaidh agus in áiteanna eile nach iad.

Fostaíodh daoine óga,cuid acu nach raibh ach seacht nó ocht mbliana d’aois – gaolta de mo chuid féin ina measc. D’oibrigh siad o dhubh go dubh ar fheirmeacha i dTír Eoghain agus i nDún na nGall. Tháinig cuid mhaith de na hoibrithe óga ó iarthar Thír Chonaill: cainteoirí Gaeilge a bhí iontu. Agus mar sin de mhothaigh siad go raibh siad i dtír eile - cosúil leis na cainteoirí Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Ach roimhe sin, díoladh na mílte Éireannach mar sclábhaithe i Meiriceá sa 17ú haois. Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil an imirce ar ais. D’imigh thart fá 78,000 duine ón Phoblacht anuraidh, agus d’imigh 98,000 an bhliain roimhe sin.

Tá cur síos ar na haontaí fostaithe agus ar Dhoire, port imirce sa Derry Annual 2014.

Tá a lán ábhair eile san eagrán seo- Charlie Nash, Séamus Heaney, Doire agus an Chéad Chogadh Domhanda, mar shampla. Is féidir lenár bpolaiteoirí a lán a fhoghlaim ón alt ‘Tip Ó Neill and the Derry man’, a bhaineann le tús phróiseas na síochána. Ach, nuair a smaoiníonn tú air, an bhfuil ár bpolaiteoirí ábalta rud ar bith a fhoghlaim? Tá brón orainn, a Dhochtúir Haass.