Ceol na hÉireann

Ag tús na gcaogaidí den chéad seo caite bhí ceol na hÉireann in ísle brí. Ní raibh ach cúpla clár de cheol traidisiúnta ar Radio (sic) Éireann sa tseachtain. Ansin tháinig athbheochan. Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1951.

Ag tús na gcaogaidí den chéad seo caite bhí ceol na hÉireann in ísle brí. Ní raibh ach cúpla clár de cheol traidisiúnta ar Radio (sic) Éireann sa tseachtain. Ansin tháinig athbheochan. Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1951.

Ansin tháinig grúpaí amhráin tíre chun tosaigh- leithéidí The Clancy Brothers, The Dubliners, agus The Chieftains. Rinne Gael Linn ceirníní ceoil ar a raibh éileamh ollmhór. Chuaigh an ceol ó neart go neart. Chuir Riverdance an ceol ós comhair an domhain – rud a rinne Aimée Banks arís in Junior Eurovision Dé Sathairn seo a chuaigh thart. Chuidigh Raidió na Gaeltachta agus níos moille, TG4, go mór le dul chun cinn an cheoil.

Bhí athbheochan eile ann roimhe sin. San ochtú haois déag bhí an seansaol ag imeacht in Éirinn. Go stairiúil, fuair na ceoltóirí agus na filí tacaíocht ón uasaicme Ghaelach. Ach leis an ord nua bhí na ceoltóirí ‘ag seinm ceoil do phócaí folamh’ ’. Sa bhliain 1779, eagraíodh Feile na gCláirseoirí i mBéal Feirste. Tháinig cláirseoirí móra na tíre le chéile agus scríobh Edward Bunting síos na foinn a sheinn siad, cuid de shaothar Thoirdhealbhaigh Uí Chearbhalláin ina measc. Fuair Ó Cearbhalláin bás seasca bliain roimhe sin. D’oibrigh a athair d’ Annraoi Mac Diarmada Rua i gContae Ros Comáin. Chaill Toirdhealbhach radharc na súl ó bholgach in aois a hocht déag. D’íoc Máire Bean Mhic Dhiarmada Rua as oideachas ceoil dó agus i ndiaidh oiliúna thosaigh sé ag saothrú a bheatha ag taisteal thart ar na tithe móra de réir nós na gceoltóirí ag an am sin. Deirtear nach raibh sé chomh maith sin ag seinm, ach tháinig clú agus cáil air mar chumadóir. Ceoltóir traidisiúnta a bhí ann go bunúsach ach tháinig sé faoi thionchar na gcumadóirí Iodálacha comhaimseartha fosta. Scríobh Mary Connors, scríbhneoir Meiriceánach atá ina cónaí in Inis, dráma i mBéarla faoi shaol Uí Chearbhalláin: The Harper. Beidh sé ar siúl anocht (Dé hAoine) sa Halla Pobail, an Bheart, ar a hocht a chlog. Is gné eile den chultúr a chuaigh i laige an drámaíocht. Ba chóir lán-tacaíocht a thabhairt don léiriú nua seo.