Cúrsa snasta

Bhí fadhb ann i gcónaí maidir le téacsleabhair Ghaeilge.
Liam Ó Cuinnegáin, Principal of St. Brigids College has published a modern Irish language text book.Liam Ó Cuinnegáin, Principal of St. Brigids College has published a modern Irish language text book.
Liam Ó Cuinnegáin, Principal of St. Brigids College has published a modern Irish language text book.

Bhí cuid mhaith de na leabhair seanfhaiseanta agus bhí ar na múinteoirí a n-ábhar féin a lorg le cur leis na téacsanna bunúsacha. Bhí deacracht ar leith ann maidir le hábhar do dhaltaí iarbhunscoile an Tuaiscirt sna ranganna teastais go háirithe. D’fhoilsigh an Dochtúir Liam Ó Cuinneagáin atá ina phríomhoide i gColáiste Bhríde i nDoire faoi láthair ‘Saothar A Leibhéil’ roinnt blianta ó shin. Bhí ábhar nua- aimseartha ann agus bhí sé eagraithe go han-mhaith. Líon sé bearna gan amhras.

Tamall ó shin rinneadh cinneadh go raibh cúrsa nua cuimsitheach a bheadh suimiúil agus dúshlánach ag an am céanna de dhíth anois, cúrsa a bhainfeadh úsáid as an nua-theicneolaíocht agus a bheadh chomh tarraingteach leis na cúrsaí atá ar fáil do theangacha eile. Mar sin de, chuir CEA (Bord Scrúduithe Thuaisceart Éireann) tionscnamh ar bun: ‘Snas agus Blas’. Tá an chéad chuid den chúrsa ar fáil anois. Clúdaíonn sé Bliain 8 agus tá Bliain 9 ar na bacáin. Tá leagan amach leabhar an dalta thar a bheith tarraingteach. Tá na grianghraif gan sárú. Téann éagsúlacht an leabhair i bhfeidhm orm. Clúdaítear saol an uile lae, an timpeallacht, ceol, tíortha agus teangacha (cur síos ar theanga an lucht siúil,‘Cant’, ina measc), taisteal, an Ghaeltacht, litríocht agus a lán eile. Osclaíonn an cúrsa doirse don dalta tríd an Ghaeilge. Beidh leibhéal teanga an scoláire i bhfad níos airde ag deireadh an chúrsa seo agus beidh sé níos eolaí ar chultúr a thíre féin agus ar chultúir eile. Cuirtear ábhar tacaíochta ar fáil don chúrsa ar líne, trialacha éisteachta agus cluichí ríomhaireachta san áireamh. Molaim an cúrsa samhalaíoch seo go spéir. Tá pobal níos leithne tuillte aige. Chuirfeadh daltaí sa Deisceart an-spéis ann. Bheadh teagascóirí in ann é a chur in oiriúint do ranganna do dhaoine fásta. Tá mé ag dúil go mór le cuid a dó. Ba chóir dúinn a bheith buíoch do CEA chan amháin as an saothar seo- tá an-obair déanta aige ar gach gné den churaclam scoile.