Daltaí éirimiúla

Comhghairdeas leis na daltaí sa sruth Gaeilge i gColáiste Chaitríona, Ard Mhacha, a bhain an chéad duais don tionscnamh is fearr déanta trí mheán na Gaeilge i gComórtas na n-Eolaithe Óga BT i mBaile Átha Cliath.

Léiríonn an scéal seo dhá rud – gur teanga nua-aimseartha í an Ghaeilge agus gur féidir úsáid a bhaint aisti i saol an lae inniu, saol na heolaíochta san áireamh. Chomh maith leis sin, léiríonn an bronnadh feabhas an Ghaeloideachais, gur féidir rud ar bith a mhúineadh tríd an Ghaeilge.

Cruthaíodh an pointe seo fosta an tseachtain seo caite ar an Derry Journal. Bhí fógra ann ó Choláiste Bhríde, Ard an Chairn, ag cur síos ar áiseanna na scoile agus ar éachtaí na ndaltaí. Nocht cuid de na daltaí a mbarúlacha faoin choláiste. Scríobh gasúr amháin, Tiarnán Ó Coigligh, iar-dhalta de chuid Ghaelscoil Éadain Mhóir, faoina scoil nua: ‘Phioc mé Coláiste Bhríde mar thug sé seans dom mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú, agus bhí cuid de mo chairde ag dul ansin.’ Tá Tiarnán sa chéad bhliain. Bheadh múinteoir Gaeilge ar bith breá sásta dá mbeadh a d(h)altaí in ann Gaeilge mar sin a scríobh i ndiaidh cúig bliana i meánscoil.

Déanann Tiarnán staidéar ar leath a ábhar trí Ghaeilge sa sruth Gaeilge. Rinne mé tagairt go minic cheana féin do bhuntáistí Gaelscoile maithe ó thaobh an oideachais de agus ó thaobh an chultúir de. Ach níl ach leath na hoibre déanta nuair a fhágann an dalta an bhunscoil. (Sin mar atá sé maidir le bunscolaíocht Bhéarla chomh maith, dar ndóigh.) Tá sé doiligh freastal ar riachtanais na ndaltaí Gaelscoile i ndiaidh na bunscoile, ach tá na sruthanna Gaeilge éagsúla ag déanamh jab iontach ar fud na Sé Chontae. Ní ceart capaill úra a chur i gcuing i lár na habhann: tugann na sruthanna Gaeilge deis do na daltaí leanúint ar aghaidh ag foghlaim tríd an Ghaeilge in áiteanna a bhfuil líon na mac léinn íseal.