Dòmhnall Ruadh Mac an tSaoir

Tá sé suimiúil comparáid a dhéanamh idir cúlra agus saol scríbhneoirí Gàidhlige agus scríbhneoirí Conallacha.

Rugadh an file Dòmhnall Ruadh Mac an tSaoir sa bhliain 1889 i Sniseabhal, Uibhist Theas. Ceantar an-bhocht a bhí ann: bhí níos mó ná 20 teaghlach ag streachailt le bheith beo ar mhóinteach seasc.

Bhí teachín ceann tuí beag suarach ag a athair ach lárionad scéalaíochta, ceoil, filíochta agus comhrá a bhí ann. Thug na comharsana ‘An Coláiste’ ar an áit. Bhí ar Dhòmhnall an scoil a fhágáil nuair a bhí sé 14 bliain d’aois.

Scoláire cliste a bhí ann. Fuair sé teastas agus duais amháin ar a laghad: leabhar de shaothar Robert Burns. Ba Shasanach í an mhaistreas scoile agus ní bhfuair Dòmhnall Gaidhlig ar scoil: bhí air féin léamh agus scríobh sa teanga a fhoghlaim ina aonar níós moille anonn.

Liostáil sé in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda.

I ndiaidh an chogaidh, d’oibrigh sé mar iascaire sa bhaile ar feadh tamaill. Ansin chuaigh sé go Paisley, áit a bhfuair sé obair mar bhríceadóir. Chaith sé an chuid eile dá shaol ansin: fuair sé bás i 1964 agus cuireadh é i Reilig Hawkhead i bPaisley.

Is iad cailleadh na seanluachanna and tréigean na Gaidhlige na téamaí is tábhachtaí i saothar Dhòmhnaill Ruaidh.

‘Nach mór an tàmailt ma chansa cach e Gun tug sinn àite do chànain ùr’ (Nach mór an náire má deir gach duine gur thug muid áit do theanga úr.’)

Sóisialach a bhí ann ina chuid smaointearachta, cé go raibh meas mór aige ar an Teaghlach Ríogach. Scríobh sé dhá chaoineadh do Sheoirse V1 nuair a fuair an rí bás.

Déanann sé agóid i gcoinne cogaíochta: ‘Bailtean móra dul nam fàsach (Bailte móra as a ndearnadh fásach) Scríobh sé in éadan leatroma agus bochtanais: ‘Tèid daonnan neart thar cheart.’(Sáraíonn neart an ceart i gcónaí.)

Tá Dòmhnall Rua ar na filí Gaidhlige is mó den 20ú haois.