FEIS GHLASCHÚ

Tá mé i ndiaidh deireadh seachtaine an-Ghaelach a chaitheamh i nGlaschú.

Thosaigh sé Dé hAoine le cuairt ar Ionad Pobail Daisy Street, áit a gcuireann Conradh na Gaeilge ranganna ar bun do dhaoine fásta agus do pháistí. Bhí atmaisféar an-chairdiúil sna ranganna. Chuir caighdeán na Gaeilge iontas orm: comhghairdeas leis na mic léinn agus leis na múinteoirí!

Bhí Cois Tine ag lucht na Feise Dé Sathairn. Oíche ar dóigh a bhí ann, le rince, ceol agus amhránaíocht. Bhí mórchuid na n-amhrán i nGaeilge!

Bhí comórtais cheoil agus comórtais Ghaeilge na Feise in Ardscoil na Tríonóide, Cambuslang ar an Domhnach. Bhí níos mó ná 300 iarrthóir aonair do na comórtais cheoil, daoine óga an formhór mór acu. Chomh maith leis sin, bhí 11 banna ceoil faoi 12 bliain, 6 banna faoi 15, 5 banna faoi 18, agus 4 banna sa chomórtas shinsearach!

Bhí na comórtais Ghaeilge go hiontach. Bhí imeachtaí ann do pháistí agus do dhaoine fásta: amhránaíocht, filíocht, comhrá, scéalaíocht, agus scríbhneoireacht. Bhí an caighdeán an-ard. Chuaigh na páistí i bhfeidhm orm. Labhair siad go nádúrtha: shílfeá go raibh siad ag freastal ar scoil in Éirinn in áit a bheith ag fáil ceachtanna uair amháin sa tseachtain i ranganna Chonradh na Gaeilge. Maidir leis na hamhránaithe sna comórtais shinsearacha, molaim dóibh dlúthdhiosca a dhéanamh - bhí siad chomh maith sin. Beidh an Fheis Rince ar siúl in Ardscoil Naomh Pól i nGlaschú amárach – agus Dé Domhnaigh!

Molaim go spéir na rannpháirtithe, na cumainn éagsúla, na tuismitheoirí a thacaíonn lena bpáistí agus achan duine a chuidigh leis na himeachtaí an deireadh seachtaine seo caite. Caithfidh mé moladh a dhéanamh ar Choiste na Feise go háirithe: tá daoine ar an choiste a bhfuil a saol caite acu ag obair go deonach, ag cothú oidhreacht na nÉireannach in Albain. Dála an scéil, bhain Séamus Mac Laifeartaigh as Cluain Maine an corn don rannpháirtí ab fhearr sna comórtais Ghaeilge. Inis Eoghain abú!