Labhair leat!

D’eagraigh Glór Mhaighe dianchúrsaí do dhaltaí atá ag ullmhú don teastas sóisearach agus don ardteistiméireacht ar na mallaibh. Bhí na daltaí a d’fhreastail thar a bheith díograiseach – agus thar a bheith béasach. Is creidiúint dá dtuismitheoirí, dá múinteoirí agus dóibh féin iad. Ní raibh ach gearán amháin acu maidir leis an Ghaeilge: ní raibh deis acu Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga.

Bhuel, tá cúpla moladh agam. Bíonn gach tosú lag. Tá sé doiligh teanga an chomhrá a athrú , ach is féidir cúpla focal a úsáid ag an tús agus tógáil air sin de réir a chéile.

Mura bhfuil club Gaeilge sa scoil, thig leis na daltaí ceann a bhunú. Sin tionscnamh do Sheachtain na Gaeilge!

Bhí agóid i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh ar son cearta do lucht na Gaeilge. Cuireann Eoin P.Ó Murchú ceist in An Tuairisceoir fá dtaobh de: Cad is féidir leat a dhéanamh anois chun todhchaí na Gaeilge a chinntiú? Molann sé céimeanna áirithe – is fiú go deo an t-alt ar fad a léamh.

An chéad chéim: labhair Gaeilge le do pháistí. Tá Gaeilge ag formhór na ndaoine sa tír seo agus is féidir leo an Ghaeilge atá acu a úsáid agus cur leis.Idir na moltaí eile: scríobh téacsanna i nGaeilge; tacaigh leis na siopaí a thacaíonn leis an Ghaeilge; tacaigh leis na nuachtáin a bhfuil Gaeilge iontu; cuir do pháiste chuig Gaelscoil. (Dála an scéil, má tá tú i do chónaí i nDoire, ná déan iarracht do pháiste a chur chuig meánscoil Ghaeilge: níl a leithéid ann.Is cúís náire é sin.

Má tá Gaeilge mhaith ag duine fásta, ach má tá sí rud beag meirgeach, thig leis dul chuig gaelport.com: tugtar eolas ar chúrsa a eagraíonn Acadamh na hOllscoile, Gaillimh do dhaoine ar mhaith leo snas a chur ar a gcuid Gaeilge.