Léigh leat!

Deirim arís agus arís eile nach léann lucht na Gaeilge.

Mura bhfuil daoine ag léamh agus ag scríobh ní dhéanfaidh teanga forbairt. Ach caithfidh mé admháil go dtugann léitheoireacht na Gaeilge fadhbanna don fhoghlaimeoir, cé nach bhfuil litriú na Gaeilge chomh deacair le litriú an Bhéarla. Éiríonn sé níos deacra nuair nach léiríonn an múinteoir an ceangal idir an chaint agus an focal scríofa sa Ghaeilge.

Ach tá cuidiú ar fáil dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu. Tá a lán leabhar ar an mhargadh anois a bhfuil dlúthdhiosca ag dul leo: tá sé níos fusa díriú ar an fhocal scríofa má tá tú ábalta éisteacht leis an téacs ag an am céanna. Ní dhéanann sé dochar don fhoghlaimeoir fhásta tosú ag an bhun le leabhair do pháistí óga. (Is breá liomsa Micí Moncaí.) Tá na leabhair seo dírithe ar pháistí bunscoile ar ndóigh agus tá siad an-úsáideach do thuismitheoirí ar bheagán Gaeilge ar mhaith leo cuidiú lena bpáistí. Don té a bhfuil Gaeilge níos fearr aige, tá gearrscéalta agus díolamaí filíochta le dlúthdhioscaí ar fáil. Thig leat comhairle agus cabhair a fháil i do leabharlann áitiúil.

Tá áis nua curtha ar fáil do léitheoirí ag Foras na Gaeilge. (‘Cad é seo?’a deir tú leat féin,‘An bhfuil sé ag moladh an Fhorais? Cuir scairt ar an dochtúir!’) ‘Léigh linn’ an t-ainm atá ar an tseirbhís, nó leighlinn.com. Tá dhá leabhar ar an suíomh faoi láthair:‘Buille Marfach’ le Anna Heussaff agus ‘Rún an Bhonnáin‘ le Proinsias Mac a’ Bhaird. As Baile Átha Cliath Anna.Tá cúig úrscéal foilsithe aici agus tá an-éileamh ar a saothar. Is as an Arainn Mhór Proinsias. Tá sé ina mhúinteoir i Leitir Ceanainn. Léann na húdair na téacsanna agus déanann Alan Titley léirmheas orthu. Ach léigh caibidil ar dtús sula n-éisteann tú le trácht Alan mura bhfuil tú ag iarraidh an scéal a bheith millte agat! Mar sin de, téigh chuig an ríomhaire, nó faigh amach do thaibléad nó d’fhón póca. Cé a dúirt gur teanga sheanaimseartha í an Ghaeilge?