Micheál Mac Liammóir

0
Have your say

Rugadh Micheál Mac Liammóir ar an 25ú Deireadh Fómhair, 1899. Fuair sé bás ar an 6ú Márta, 1978. Mhaígh sé gur rugadh é i gCorcaigh, ach fuarthas amach gur rugadh i Londain é. D’athraigh sé a ainm ó Alfred Lee Wilmote. Bhog sé go hÉirinn nuair a bhí sé 18 bliain d’aois.

Bhí bua teangacha aige: d’fhoghlaim sé Gaeilge, d’éirigh sé líofa fá cheann tamaill ghairid agus thosaigh sé ag scríobh i nGaeilge agus i mBéarla. Fear ildánach a bhí ann: ealaíontóir, aisteoir, agus scríbhneoir ab ea é. Bhí taispeántais ealaíne aige i mBaile Átha Cliath, i Londain, sa tSicil, i mBeirlín, agus i bPáras na Fraince. Dhear sé láithreáin agus cultacha don amharclann. Mar aisteoir, thuill sé clú agus cáil air féin i bpáirt Hamlet agus mar gheall ar a sheó aonair, ‘The Importance of Being Oscar’, scéal Oscar Wilde. Scríobh sé drámaí, filíocht, gearrscéalta,chomh maith le haistriúcháin ó theangacha eile agus dírbheathaisnéis. Fuair sé a lán onóracha liteartha, Dochtúireacht ó UCD san áireamh. Bhunaigh sé Amharclann an Gheata agus an amharclann Ghaeilge, Taibhdhearc na Gaillimhe lena pháirtí Sasanach, Hilton Edwards. Sa chéad léirú sa Gheata, bhí an amharclann lán go doras: bhí 48 duine ar an ardán agus 102 sa lucht féachana. Mheall an Taibhdhearc drámadóirí agus aisteoirí den chéad scoth, Siobhán McKenna, Walter Macken, Caitlín Maude, Mairéad Ní Ghrada, agus Brendan Behan ina measc.

Carachtar an-suimiúil a bhí ann. Dúirt Billy Connolly gur fhreastail sé ar scoil Chaitliceach i nGlaschú agus go bhfuair sé ‘A Leibhéal’ sa chiontacht. B’fhéidir go raibh an fhadhb chéanna ag Mac Liammóir. Shílfeá go raibh sé ag iarraidh pearsantacht eile a chruthú dó féin. Rugadh é i Londain ach dúirt sé gur rugadh é in Éirinn. Ba Phrotastúnaigh iad a thuismitheoirí, ach duirt seisean gur síolraíodh é ó Chaitlicigh as Corcaigh. D’athraigh sé a ainm ón fhoirm Bhéarla. Agus bhí sé ar na scríbhneoirí Gaeilge ab fhearr sa tír.