Na hAmhráin Náisiúnta

0
Have your say

Ní raibh Ó Cearnaigh chomh clúiteach is a bhí a nia, an drámadóír, Breandán Ó Beacháin. Fear an-bhocht a bhí ann agus bhí sé dífhostaithe go minic i rith a shaoil.

Bíonn conspóid bainteach leis na hamhráin náisiúnta go coitianta. Chonaic muid sin i Stormont ar na mallaibh nuair a chinn MLA amhrán náisiúnta na Breataine a chur isteach i seirbhís chuimhneacháin gan chuireadh, gan chead.

Chuala muid daoine go minic ag canadh amhrán náisiúnta na Fraince i ndiaidh na n-ionsaithe i bPáras an tseachtain seo chun dlúthchomhar a léiriú.

Cuireann focail na n-amhrán náisiúnta isteach ar dhaoine go minic. Athraíodh an leagan Gaeilge de ‘Amhrán na bhFiann’ beagán. Cantar ‘Sinne Laochra Fáil’ in áit ‘Sinne Fianna Fáil’ anois. Sílim go raibh baint éigin ag an pholaitíocht leis an athrú. Ba mhaith le daoine focail eile a athrú: ní maith leo ‘gunnaí’, ‘piléir’ agus focail mar sin: b’fhearr leo leagan níos síochanta. Ba mhaith lena lán Francach amhrán eile in áit ‘La Marseillaise’: níl siad sásta a bheith ag ceol ‘Faoi airm, a shaoránaigh! Bailigí bhur gcathláin! Bígí ag gluaiseacht go mear! Fágaigí ár bpáirceanna ar maos i bhfuil neamhghlan!’ - focail atá ann ó aimsir Réabhlóid na Fraince. Ní chantar ach véarsa amháin d’amhrán náisiúnta na Gearmáine go hoifigiúil anois mar gheall ar an pholaitiocht.

Dála an scéil, rinne an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh aistriúchán an-mhaith de ‘ The Star-spangled Banner’, amhrán náisiúnta SAM: ‘Ó abair, an léir dhuit ag fáinne an lae /An bhratach ’bhí in airde ag titim na hoíche?’

Cé go bhfuil cuid de na hamhráin náisiúnta as dáta, is comharthaí pobail iad, agus tá meas tuillte acu dá bharr. Ní ceart amhrán náisiúnta, nó siombail ar bith eile a úsaid le daoine eile a chiapadh. Léiríonn siombailí pobail stair an phobail sin agus is féidir iad a úsáid le comhthuiscint a chur chun cinn.