Na Polaiteoirí agus an Ghaeilge

Tá daoine ann a bheadh an-sásta rud ar bith a dhéanamh ar son na Gaeilge ach í a labhairt.

Tá daoine ann a bheadh an-sásta rud ar bith a dhéanamh ar son na Gaeilge ach í a labhairt. B’fhéidir gurb iad na polaiteoirí na daoine is measa ar an chuma seo. Bhí díospóireacht ann an tseachtain seo caite mar chuid d’ Fhéile an Phobail i mBéal Feirste. Bhí Gréagóir Mac Cathmhaoil agus Seosamh Ó Brolaigh páirteach san ócáid. Dúirt Seosamh nach bagairt do dhuine ar bith í an Ghaeilge. Dúirt Gréagóir go n-úsáideann polaiteoirí áirithe ‘cúpla focal’ go simplí le cur isteach ar dhaoine eile. Sílim féin gur ceart do pholaiteoirí úsáid a bhaint as an Ghaeilge i Stormont. Tá seans acu léiriú don saol gur teanga bheo í. Ach mura bhfuil Gaeilge réasúnta acu,‘Is binn béal ina thost’. San fheachtas Olltoghcháin sa Phoblacht i 2011 bhí díospóireacht as Gaeilge ag

Mícheál Ó Máirtín, Éanna Mac Cionnaith agus Éamann Mac Giolla Mhuire. Chuir sé iontas ar a lán daoine go raibh Gaeilge chomh maith sin ag na ceannairí. Is trua nach mbíonn imeachtaí mar sin ann níos minice. Shíl mórán daoine gur thug ceapachán Sheosaimh Mhic Aodha mar Aire Gaeltachta masla do lucht na Gaeilge. Ní raibh ach Gaeilge bhriste aige. Ach fair play dó, rinne sé dianchúrsa agus chuir sé biseach iontach ar a chuid Gaeilge. Tá sé ag déanamh cúrsa eile i nGleann Cholm Cille i mbliana. Gheall sé go leanfadh sé ag foghlaim Gaeilge agus

é ina phost mar Aire Diaspóra agus go mbeadh sé ag úsáid a ról nua leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear. Beidh a lán deiseanna aige: tá grúpaí éagsúla ag déanamh éachta ar son na Gaeilge ar fud an domhain ó Chonradh na Gaeilge, Glaschú go Cumann Gaeilge na hAstráile. Deirtear go dtabharfaidh do theanga chun na Róimhe thú. Beidh Seosamh ag taisteal níos faide ná sin san am atá le teacht gan amhras. Tá súil agam go dtabharfaidh a aistir níos mó aitheantais agus níos mó measa don Ghaeilge. Athsmaoineamh: cad faoi dianchúrsa Gaeilge riachtanach do na TD’s nach bhfuil Gaeilge acu?