Na siopaí leabhar

0
Have your say

Bhain mé an-sult as an alt ar an Journal an tseachtain seo caite le Ken Thatcher, úinéir Foyle Books, Sráidbhaile na gCeard.

Bhain mé an-sult as an alt ar an Journal an tseachtain seo caite le Ken Thatcher, úinéir Foyle Books, Sráidbhaile na gCeard.

Chuir sé síos ar na seansiopaí leabhar i nDoire.

Tá siad uilig ar shiúl anois beagnach. Dúnadh Books and News, Sráid Ché na Long anuraidh: siopa iontach a bhí ann ina raibh riar maith de leabhair áitiúla chomh maith le réimse mhaith irisí agus nuachtán. Cúpla bliain roimhe sin dúnadh siopa Tommy Maguire, Bóthar Carlyle. Bhí ort bheith an-chúramach ag dul isteach sa seansiopa: bhí clár ar phíosa lofa den urlár. Taisce Alaidín a bhí ann. Bhí gach sórt leabhair ann chomh maith le ceirníní, boinn, stampaí, cártaí poist, agus amchláracha traenach. Bhí acmhainn grinn ag Tommy, agus bhuail a lán daoine isteach go simplí le comhrá a dhéanamh leis. Cúig bliana ó shin, fuair Mickey Herron bás. Ba leis an Siopa Leabhar i gCarn Domhnach. Comhráití an-suimiúil ab ea é fosta. Cronaíonn an pobal go mór é. Chuaigh iníon ar aghaidh leis an ghnó ach dúnadh an siopa i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Ach osclaíodh siopa seanleabhar eile i gCarn ar na mallaibh: Jones and Co. Go n-éirí an t-ádh leis!

Cuireann Ken ceist: Cad é locht na cathrach seo ar na siopaí leabhar? Cuirim an cheist chéanna. Bhí ionad siopadóireachta in aice leis an teach ina raibh mé ag stopadh i mBrisbane ar na mallaibh (An gcluinim méanfach?). Bhí trí shiopa leabhar ann agus bhí rannóg leabhar taobh istigh de cheithre shiopa eile.

Tá díoltóirí leabhar thíos leis anseo faoi láthair gan amhras mar gheall ar an teilifís, cluichí ríomhaireachta,srl. Ceannaíonn daoine leabhair ar an Idirlíon agus tá ráchairt mhór ar e-leabhair.

Cad é faoin todhchaí ? Shíl daoine tríocha bliain ó shin go raibh ré na pictiúrlainne thart. Ach bhí athbheochan ann. Le samhlaíocht agus le polasaithe praghais ciallmhara,(m.s. leabhar ar phraghas réasúnta in áit ‘trí leabhar ar phraghas dhá leabhar’) b’fhéidir go mbeidh an lá leis na leabhair arís.