Naomh Bríd, Banéarlamh na hÉireann

Bhí Naomh Bríd thar a bheith gnóthach ag bunú clochar agus eaglaisí ar fud na hÉireann.
Bunscoil Cholmcille Steelstown Road pupils get a helping hand from parents and grandparents to make St Brigids crosses on the Saints recent feast day.  DER0517GS064Bunscoil Cholmcille Steelstown Road pupils get a helping hand from parents and grandparents to make St Brigids crosses on the Saints recent feast day.  DER0517GS064
Bunscoil Cholmcille Steelstown Road pupils get a helping hand from parents and grandparents to make St Brigids crosses on the Saints recent feast day. DER0517GS064

Tá Cill Bhride i gContae Ros Comáin, i gContae Loch Garman, i gContae Mhaigh Eo, i gContae Chill Chainnigh, i gContae an Chabhain, i gContae na Mí, i bPort Láirge, in Aontroim, i gContae Lú, i gCill Mhantáin agus i gContae an Iarmhí. Is féidir cuairt a thabhairt ar Thobar Bhríde ar Oileán na Dumhcha in Inis Eoghain. In Albain tá na bailte Cill Bhríde Thoir agus Cill Bhríde Thiar. Faightear a hainm i sráidbhailte áirithe sa Bhreatain Bheag fiú. Bheadh sé doiligh an méid sin taistil a dhéanamh ag an am sin toisc nach raibh bád farantóireachta nó Bus Uladh ann. Ach, i ndáiríre, bhí tionchar ollmhór ag Bríd i gcreideamh agus cultúr na hÉireann. Is léir go bhfuil ardmheas ag an Naomh inár gceantar féin. Tá Scoil Naomh Bríd i Magh. I nDoire tá paróiste Naomh Bríd agus Bunscoil Naomh Bríd. Tá áthas orm go bhfuil grúpa de dhaltaí i gColáiste Bhríde, Ard an Chairn ag déanamh cuid dá n-ábhair scoile tríd an Ghaeilge, teanga Bhríde. D’fhoghlaim muid uilig scéal an naoimh ar scoil: Rugadh í i bhFochairt in aice le Dún Dealgan tamall beag i ndiaidh teacht go hÉirinn do Naomh Pádraig. Taoiseach ab ea a hathair. Bean naofa a bhí ann a raibh trua aici do dhaoine bochta, a rinne míorúiltí agus a bhunaigh an chéad ord de mhná rialta i gCill Dara. Níor mhaith liom a bheith i mo dhuarcán, ach deir daoine áirithe nach fíor dhuine í Naomh Bríd, gur bandia pagánach í a rinneadh naomh Críostaí di. Maidir le Lá Fheile Bríde, ghlac sí áit na féile pagánaí Imbolc, an chéad lá den Earrach. Ach ar dhóigh amháin is cuma an raibh sí ann nó as. Seasann sí do luachanna Críostaí de chineáltas agus de naofacht agus is foinse inspioráide í a hainm.