Ní thuigim a n-intinn

Ó mhí Mheithimh beidh sé eagras i mbun earnáil dheonach na Gaeilge.

Beidh ar 13 eagraíocht eile maoiniú a fháil áit éigin eile nó dul as feidhm. Níl ceann ar bith de na sé cinn lonnaithe sa Tuaisceart. Maorlathas ar mire é seo.

Tá rath ar cuid mhaith den obair a rinne Foras na Gaeilge. Ach cad chuige nach féidir leo tógáil ar a bhfuil déanta acu?

Chaill muid an nuachtán Foinse roinnt blianta ó shin. Ag an am sin bhí Foinse ar na páipéir ab fhearr sa tír seo. Bhí sé i bhfad níos fearr ná formhór na nuachtán Béarla.

Bhí sé abalta scríbhneoirí den scoth a mhealladh. Bhí fadhbanna ag an pháipéar maidir le scaipeadh agus fógraíocht. Ach in áit cuidiú a thabhairt do Foinse, chuir Foras deireadh lena chonradh agus tugadh é do Gaelscéal.

Ní raibh taithí chuí ag foireann Gaelscéal agus chuir an Foras deireadh lena chonradh go luath. Níl nuachtán náisiúnta Gaeilge againn anois. (Foilsíonn an Indo forlíonadh beag gach Céadaoin agus sin é.)

Bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge suíomh nuachta iontach proifisiúnta: Gaelport, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Soláthraíonn sé píosaí as na nuachtáin a bhaineann leis an Ghaeilge chomh maith le heolas ar imeachtaí Gaeilge.

Tá an tseirbhís an-mhaith: tá éileamh uirthi, ach tá sí teoranta. Tá foireann ardcháilithe ag an Chomhdháil agus le maoiniú sa bhreis, bheadh siad ábalta an tseirbhís a fhorbairt.

Ach anois beidh an Chomhdháil ar shiúl i gceann sé mhí agus de réir cosúlachta, beidh an tseirbhis seo ar shiúl fosta.

Tugadh drochúsáid don Tuaisceart. Mhol mé an obair thrasphobail a dhéanann Iontaobhas Ultach ar an cholún seo ar na mallaibh. Mhol mé chomh maith an obair iontach a dhéanann Altram in earnáil na réamhscolaíochta. Dúnfar oifig an Iontaobhais i mBéal Feirste agus caillfidh Altram cúig phost lánaimseartha agus post amháin páirtaimseartha.

Beidh taithí, saineolas, fuinneamh agus díograis curtha amú mar gheall ar phlean maoinithe Fhoras na Gaeilge. Tá plean B de dhíth.

From June there will be six organisations looking after the Irish voluntary sector. Thirteen other organisations will have to get funding from elsewhere or go to the wall. None of the six is based in the North. This is bureaucracy gone mad.

A lot of Foras na Gaeilge’s work has been highly successful. But why can they not build on what they have done?

We lost the newspaper Foinse a few years ago. At that time Foinse was one of the best newspapers in the country.

It was far better than most of the English language papers. It attracted top writers. The paper had problems regarding circulation and advertising.

But instead of helping Foinse through this, Foras terminated its contract and gave it to Gaelscéal.

The Gaelscéal staff lacked necessary experience and their contract was ended early. Now we don’t have a national newspaper in Irish. (The Indo publishes a small supplement every Wednesday, and that’s your lot.)

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge set up a very professional Internet site: gaelport.com.

It provides pieces of news about the Irish language as well as information about Irish events. It is a very good service: there is a demand for it, but the service is limited.

The Comhdháil has a highly qualified staff, and with extra funding it could develop the service.

Now an Chomhdháil will be gone in six months and this service will most likely disappear too.