Ócáid stairiúil

0
Have your say

Bunaíodh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1893 agus dhá bhliain níos moille bunaíodh craobh i nGlaschú, an chéad chraobh lasmuigh d’Éirinn.

Bunaíodh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1893 agus dhá bhliain níos moille bunaíodh craobh i nGlaschú, an chéad chraobh lasmuigh d’Éirinn.

Bhí dinnéar agus céilí i Halla Chríost Rí i nGlaschú an deireadh seachtaine seo caite: chomh maith le 120 bliain a cheiliúradh, thug an ócáid deis do bhaill an Chonartha ómós a thabhairt do Sheán Ó Fiannaí. Thug Seán a cheacht deireanach don Ardrang i mbliana, i ndiaidh 70 bliain de sheirbhís don Chonradh. Foilsíodh bróisiúr an-tarraingteach don chomóradh a léiríonn an dóigh a bhfuil Conradh na Gaeilge gníomhach i ngach gné de chultúr na hÉireann in Albain. Seo píosa gairid a scríobh iarbhall den Chonradh don bhróisiúr.

‘Tá Conradh na Gaeilge, Glaschú 120 bliain ar an saol. Ag am mar seo, téann daoine siar ar bhóithrín na smaointe. Smaoiním féin ar na múinteoirí a raibh aithne agam orthu nuair a bhí mise i mo bhall – Pádraig Mac Pháidín, Séamas Mac Éinrí, Pádraig Ó Gallchóir agus a bhean chéile, Maighréad, agus Seán Ó Fiannaí – daoine dílse a tháinig amach seachtain i ndiaidh seachtaine, bliain i ndiaidh bliana, soineann agus doineann- Gaeil go smior iad uilig a raibh fís acu, ag obair go deonach ar son ár n-oidhreachta. Tá moladh tuillte acu agus ag na daoine eile, idir mhúinteoirí agus scoláirí, a chuir le dul chun cinn an Chonartha. Ach ag an am seo d’aontódh gach duine liom dá ndéarfainn go bhfuil moladh ar leith tuillte ag Seán Ó Fiannaí. Tá baint ag Seán le Craobh an Phiarsaigh le seachtó bliain. Ní raibh Seán sásta le cúpla focal. Dea-shampla d’achan duine atá ann: rinne sé staidéar ar an Ghaeilge ar leibhéal na hollscoile, agus téann sé ar ais go dtí an Ghaeltacht gach bliain. Choinnigh sé an tine beo i nGlaschú agus spreag sé daoine eile a rachaidh ar aghaidh leis an obair.’