Oileán na nOllamh?

0
Have your say

Osclaíodh Coláiste Mhaigh Nuad ar an chéad lá de Dheireadh Fómhair 1795.

Osclaíodh Coláiste Mhaigh Nuad ar an chéad lá de Dheireadh Fómhair 1795.

Ba mhian leis na heaspaig Chaitliceacha coláiste cléireach a bheith acu in Éirinn.

Bhí ar na sagairt staidéar a dhéanamh thar sáile roimhe sin. Bhí rialtas na Breataine sásta tacú leis an tionscnamh mar chosaint ar thionchar Réabhlóid na Fraince. Dála an scéil, bunaíodh eagraíocht fhrithréabhlóideach eile sa bhliain chéanna ‘leis an Rí agus a shliocht a chosaint’: an tOrd Oráisteach. Nuair a leagadh cloch bhoinn an Choláiste, sheinn Mílíste Londoindoire ‘God save the King’ agus chan an comhthional mór an curfá go bríomhar.

Is ollscoil anois é an Coláiste le réimse leathan d’ábhair, toradh de bhorradh oideachas tríú leibhéil ar fud na tíre. Maítear gur tháinig an méid sin comhlachtaí go hÉirinn nuair a bhí an Tíogar beo toisc go raibh leibhéal oideachais na ndaoine óga chomh hard sin. Bhí méadú ó níos lú ná 20% go dtí níos mó ná 80% de dhaltaí ag déanamh na hArdteistiméireachta sna 1990í, agus chuaigh i bhfad níos mó daltaí ar an ollscoil dá réir.

Is cúis náire é cinneadh Ollscoil Uladh Scoil na dTeangacha i gCúil Raithin a dhúnadh agus gearradh siar i ranna eile. Chomh maith leis sin, caillfear 1000 áit agus 236 post in Ollscoil na Banríona. Beidh na hollscoileanna thíos dá bharr gan amhras: beidh éileamh níos lú ar áiteanna. Ní campaí traenála iad na hollscoileanna. Tá dualgas orthu oideachas ginearálta a chur ar fáil agus cultúr an phobail a chaomhnú agus a fhorbairt.

Ní earraí daorluachacha iad na teangacha. Bíonn fostóirí ag gearán i gcónaí nach bhfuil teanga iasachta ag daoine óga. Más mian leat dul san iomaíocht i saol an ghnó, caithfidh tú bheith ábalta labhairt leis na custaiméirí ina dteanga féin. Mura bhfuil éileamh ar theangacha, ba cheart do na húdaráis ollscoile fáil amach cad chuige agus réiteach na faidhbe a fháil.