Pádraig Ó Fiannachta

0
Have your say

Fuair an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta bás Dé hAoine seo caite. Fathach i saol na Gaeilge a bhí ann.

Fuair an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta bás Dé hAoine seo caite. Fathach i saol na Gaeilge a bhí ann.

Rugadh é i mBaile Móir in aice le Baile an Daingin i 1927. Chaith sé ceithre bliana is tríocha ag teagasc in Ollscoil Mhaigh Nuad. Ceapadh é ina Ollamh le Sean-Ghaeilge, ansin ina Ollamh le Meán-Ghaeilge agus faoi dheireadh ina Ollamh le Nua-Ghaeilge!

Bhí sé ina eagarthóir ar Bhíobla Mhaigh Nuad. D’aistrigh sé féin leath den Bhíobla go Gaeilge ón Eabhrais agus ón Ghréigis agus rinne sé eagarthóireacht ar an leath eile a d’aistrigh scoláirí eile. Dúirt an Cairdinéal Ó Fiaich i mBrollach an Bhíobla ‘nach mbeadh Bíobla Mhaigh Nuad ann san aois seo ar chor ar bith murach dúthracht dhochloite agus acmhainn mhillteanach oibre an Athar Pádraig Ó Fiannachta.

Faoi mar a thugtar Bíobla Bhedell ar aistriúchán an 17ú haois measaimid nach mbeadh sé mí-oiriúnach Bíobla Uí Fhiannachta a thabhairt ar leagan an 20ú haois’.

D’oibrigh an Monsignor chomh maith ar Fhoclóir Gaeilge an Acadaimh Ríoga. Bhí sé ina stiúrthóir ar chomhlacht foilseoireachta, an Sagart, a chuireann amach leabhair chreidimh. Bhunaigh sé Glór na nGael, a eagraíonn comórtas bliantúil chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i mbailte ar fud na hÉireann agus thar lear.

Tá a lán alt agus a lán leabhar léannta scríofa aige, ‘Sean-Ghaeilge gan Dua’ ina measc – an chéad téacsleabhar i Nua-Gaeilge dóibh siúd ar mhaith leofa Sean-Ghaeilge a fhoghlaim.

File a bhí ann fosta. Bhain mé an-sult as a leabhar dátheangach ‘Léim an Dá Mhíle’.

Dán fada atá ann ina shamhlaíonn an file gur chaith Críost a shaol poiblí i gCorca Dhuibhne. Bhí Síomón agus Andaí Beag ar thóir scadán ag Cuan an Daimh Dheirg. Céasadh Íosa i Muinseo. Chuaigh sé suas ar neamh ar Chruach Mhárthain. Léiríonn an dán spioradáltacht dhomhain an fhile agus a ghrá dá mhuintir agus dá cheantar dúchais.