Séamus Ó Grianna

0
Have your say

Rugadh an scríbhneoir Séamus Ó Grianna i Rinn na Feirste i 1889. Fuair sé bunoideachas sa scoil áitiúil. D’fhág sé an scoil nuair a bhí sé 14 bliain d’aois. Chuaigh sé ag obair ar an Lagán agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go hAlbain, áit ar oibrigh sé mar naibhí. Tháinig sé ar ais go hÉirinn. Chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, agus chailigh sé mar mhúinteoir bunscoile. Níor chaith sé a lán ama ag teagasc. Léigh sé ‘Dialann Phríosúin’ Sheain Mhistéil. Chuaigh an saothar sin i bhfeidhm air go mór. Chuaigh sé leis an phoblachtanas. Chaith seisean agus a dheartháir Seosamh tamall faoi ghlas. I ndiaidh Chogadh na gCarad bhí poist éagsúla aige in Éirinn agus sa Fhrainc agus ansin fuair sé jab sa státseirbhís in Éirinn, post a thug am dó don scribhneoireacht.(!)

Scríobh sé thart fá 30 leabhar. Bíonn a chnuasach de ghearrscéalta ‘Cith is Dealáin’ agus a úrscéal ‘Caisleáin Óir’ ar shiollabais go minic. Rinneadh ceoldráma den úrscéal cúpla bliain ó shin. Dála an scéil, scríobh sé cuid mhaith alt agus litreacha ar an Derry Journal.

Níl a chuid leabhar iontach domhain. Ní fhaigheann tú anailís shíceolaíoch iontu; níl na plotaí an-chasta. Ach tá saibhreas teanga ina shaothar. Mhothaigh sé go raibh an Ghaeilge agus traidisiúin na Gaeltachta ag imeacht agus ba mhian leis a chultúr a choinneail beo ina chuid scríbhneoireachta.

Mac barrúil a bhí ann agus bhí a lán bréagnuithe ina charachtar. Ní raibh meas ar bith aige ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Nior thóg sé a chlann leis an Ghaeilge. Ní raibh sé sásta a leabhair a athfhoilsiú sa litriú nua nó sa chló Romhanach. Bhí sé ina bhall den Language Freedom Movement, grúpa a bhí ag iarraidh stádas na Gaeilge a ísliú.

Ach caithfimid béim a chur ar an taobh dearfach dá shaothar.

Fuair sé bás ar an 27 Samhain 1969.