Tá scéal fada orthu

0
Have your say

Scríobh an file Oliver Goldsmith dán clúiteach, ‘ The Deserted Village’, ar dhaoine i sráidbhaile beag in Éirinn a raibh saol ciúin simplí acu agus a fuair bás agus níor aithnigh duine ar bith na tallanna a bhí acu.

Tarlaíonn an rud céanna sa lá atá inniu ann maidir leis an Ghaelachas. Tá daoine óga i nDoire, mar shampla, a fuair a gcuid bunoideachais agus a gcuid meánoideachais tríd an Ghaeilge. Shroich siad caighdeán an-ard sa teanga, ach toisc nach raibh deis acu an teanga a úsáid níos moille , chaill siad suim sa Ghaeilge. Ach sin ráite, tá scata beag anseo a scríobhann i nGaeilge, a chumann amhráin i nGaeilge, agus a chuireann an Ghaeilge chun cinn tríd an chóras oideachais.

Agus tá daoine ar fud na tíre a bheadh ábalta cur lenár n-oidhreacht chultúrtha dá mbeadh seans acu.

Léirítear seo i gcnuasach de ghearrscéalta i nGaeilge a tháinig amach le déanaí: ‘Go dtí an lá bán’, le Ciorcal Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair (Foilsitheoir: Éabhlóid). Stiúir Eoghan Mac Giolla Bhride an tionscnamh. Tá 15 scéal sa chnuasach. Tá éagsúlacht iontu, agus chuaigh gach scéal i bhfeidhm orm. Téamaí an lae inniu atá iontu: drochíde mná, na daoine aosta,an reiligiún, imirce, an cleamhnas, mar shampla. Tá baint ag cuid de na scéalta le stair agus seanchas an cheantair. Scríobhtar na scéalta i nGaeilge ghlan: ís áis iontach d’fhoghlaimeoirí é – agus is foghlaimeoirí muidne uilig. Léann cainteoirí dúchais na scéalta ar dhlúthdhioscaí a thagann leis an saothar.

Ní maith liomsa pointe polaitiúil a dhéanamh de léirmheas, ach sílim gur ceart tallann mar seo a chothu ar leibhéal áitiúil le maoiniú, agus gréasán ceart foilseoireachta a chruthú do ghrúpaí agus do scríbhneoirí aonair. Tá pobal léitheoireachta leathan tuillte ag an leabhar seo. Seoid atá ann ó thaobh na litríochta de, agus ó thaobh na teanga de.