Tar isteach!

Nuair a chuireann tú an cheist ar dhaoine áirithe as Gleann Gad ‘C’as tú?’ faigheann tú freagraí leithéidí ’As Éirinn mé’ ‘As Inis Eoghain mé.’ ‘As Dún na nGall mé.’ ‘As tuaisceart Dhún na nGall mé.’ ’As Málainn mé.’ ‘As Cionn Mhálanna mé.’ ‘Tá mé i mo chónaí in áit bheag taobh amuigh de Chúil Dabhcha.’

B’fhéidir nach raibh na daoine seo rómhaith ag tíreolaíocht ar scoil agus nach bhfuil siad ábalta freagra cruinn a thabhairt, ach ar an drochuair, b’fhéidir go bhfuil náire orthu.

Seasca bliain ó shin bhí Gleann Gad cosúil le háit sa Tríú Domhan. Tá pictiúr rómánsúil ag daoine den saol in Éirinn ag an am sin: achan duine sona sásta ina theach beag cheann tuí in ascaill an ghleanna. Ach ní mar sin is a bhí sé i nGleann Gad. Ní raibh leictreachas sna tithe. Ní raibh uisce reatha. Fuarthas uisce ón tobar suite i bhfad ón teach uaireanta. Rinneadh cócaireacht ar thine oscailte. Bhí obair na feirme an-chrua: ní raibh innill nua-aimseartha ann, ar ndóigh. Ní raibh ach cúpla carr sa cheantar agus baineadh úsáid astu mar thacsaithe. Chuaigh páistí ar scoil cosnochta. Bhí an ráta básmhaireachta an-ard. Bhí ar na céadta dul thar lear ag lorg oibre. Rinneadh neamart ar an áit. Ach bhí an spiorad pobail láidir sa cheantar i gcónaí agus chinn muintir na háite aghaidh a thabhairt le himghoin. Thóg siad ceardscoil bheag. D’fhoghlaim na fir ceirdeanna agus thosaigh siad ag tógáil tithe nua. Cuireadh an scéim leictreachais i gcrích agus chuir fir ón áit cumhacht isteach sna tithe. Bunaíodh córas uisce. Tógadh lárionad pobail. Leagadh páirc peile. Tháinig feabhas iontach ar an acmhainní oideachasúil. Thiomáin spiorad an phobail an dul chun cinn seo, agus tá an spiorad sin beo go fóill. Insíonn Shelia Mc Clay scéal bhunadh na háite ina leabhar gleoite ‘Tar isteach: the story of Inishtrahull and Glengad.’ atá le teacht amach roimh an Nollaig. Léiríonn sé gur cóir do mhuintir Ghleann Gad a bheith bródúil as a dúiche agus as a sinsir. Tabharfar sonraí faoi sheoladh an leabhair sa Journal an tseachtain seo chugainn.