Crann seasta na Gaeilge

Bíonn a lán fáthanna ag daoine le tosú ag foghlaim Gaeilge.

Mothaíonn daoine áirithe nach féidir stair na hÉireann a thuiscint mura dtuigeann tú an teanga a labhair formhór na ndaoine sa tír ar feadh na gcéadta bliain. Cuireann daoine eile suim sna logainmneacha Gaeilge nó sna sloinnte Gaeilge. Meallann an litríocht – an fhilíocht ach go háirithe-grúpa eile. Agus go mion minic tarraingíonn an ceol foghlaimeoirí. Fuair Cecilia McDaid bás i nGlaschú an mhí seo caite. Rugadh i mBun Cranncha í agus bhog sí lena teaghlach go Glaschú nuair a bhí sí an-óg. Ar an ábhar sin, ní bhfuair sí deis Gaeilge a fhoghlaim ar scoil, cé go bhfuair sí oideachas den scoth in Ardscoil Ninian, Cathair Ceann Tulaich sula ndeachaigh sí ar aghaidh go hOllscoil Ghlaschú agus Ollscoil Leicester. Chuaigh sí i gConradh na Gaeilge, Glaschú, agus chaith sí a dúthracht leis an teanga. Bhí sí ag teagasc Gaeilge d’fhoghlaimeoirí roimh i bhfad agus bhunaigh sí Cór Chonradh na Gaeilge. Chan sé i Halla na Cathrach, Glaschú, i bParlaimint na hAlban, agus bhí ráchairt air gach Lá ’le Pádraig ar ndóigh. Bhí Cecilia páirteach i bhfleánna ceoil in Albain, i Sasana agus in Éirinn. Níor chaill sí grá don áit ar rugadh í, agus d’fhill sí go mini ar Inis Eoghain. Chuidigh sí go mór leis na himeachtaí uilig a d’eagraigh Craobh an Phiarsaigh.

Staraí a bhí inti. Scríobh sí ‘The Catholic Church in Strathkelvin’. D’oibrigh sí le East Dumbarton Council. Bhí sí i mbun tionscadal agus taispeántas ansin, taispeántas mór faoi Thubaiste Chathair Ceann Tulaich ina measc. (Fuair deichniúr as Acaill a bhí ag baint prátaí bás i ndóiteán i mbothán in aice le Cathair Ceann Tulaich i 1937). Bhí léiriú in Albain, agus ansin chuaigh an taispeántas go Maigh Eo agus go Dún na nGall. Is cailliúint mhór é bás Cecilia dá muintir féin agus do ghluaiseacht na Gaeilge agus do phobal na nGael i nGlaschú. Beidh cuimhneamh míosa

Gaeilge uirthi i dteach pobail Our Lady and St. George, Penilee, Glaschúar an 16 Meán Fómhair ar a 7 a chlog tráthnóna, socraithe ag Conradh na Gaeilge.