Imirce

Tá an imirce agus fadhb na dteifeach i mbéal an phobail faoi láthair.Feicimid lá i ndiaidh lae an scrios agus an bás sa Mheánoirthear.

Chuir Doire fáilte roimh ghrúpa beag ón tSiria ar na mallaibh. Tá a fhios againn cad is imirce ann: chuaigh – agus téann – daoine gan áireamh ón tír seo thar sáile le saol níos fearr a chruthú dóibh féin. Agus tá feiminéan nua ann anois: daoine ag socrú síos in Éirinn ó aimsir an Tíogair Ceiltigh.

Tá mé ag scríobh inniu ó Ghlaschú- fíor lárionad inimirce. Tháinig grúpaí eachtrannacha éagsúla go dtí an chathair i rith an naoú haois déag: Iúdaigh ag teitheadh ón Rúis, Iodálaigh, agus Éireannaigh ar ndóigh, go háirithe i ndiaidh an Ghorta Mhóir. Tháinig a lán Gael ó Ghaeltacht na hAlban a díshealbhaíodh óna gcroiteanna. Lean an inimirce ar aghaidh i rith a fichiú haois, go suntasach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Ó na caogaidí ar aghaidh tháinig mórán ón India agus ón Phacastán. Ar na mallaibh tháinig na mílte ó Oirthear na hEorpa.

Ní raibh saol bog ag grúpa ar bith a tháinig. Chaith m’athair féin an chuid ba mhó dá shaol ag obair anseo mar sclábhaí in áiteanna tógála ar dtús agus ansin i dteilgchéarta faoi choinníolacha uafásacha: ní raibh iomrá ar bith ar shláinte agus sábháilteach ag an am sin. Rinne na himirceoirí obair mhaslach nach raibh muintir na háite sásta a dhéanamh.

De réir a chéile tháinig biseach ar chúrsaí. Bhog na himirceoirí amach ó lár na cathrach go dtí na bruachbhailte. Fuair siad tithe níos fearr. Bhí na páistí ábalta oideachas maith a fháil agus fuair cuid acu postanna proifisiúnta. Ghlac siad páirt i saol an phobail. Tá Glaschú níos saibhre ó thaobh na heacnamaíochta de agus ón taobh cultúrtha de mar gheall ar an inimirce. Nuair a smaoiníonn tú air, ba inimirceoirí iad sinséir achan duine in Éirinn: tháinig lonnaitheoirí anseo ón Eoraip ar dtús ar ndóigh. Is coincheap bréagach é an fíor-Ghael. Níl sé ar fáil ach i leabhair Ghaeilge amaideacha.