Muca ag eitilt!

Insítear scéal faoi sheanbhean i nGaoth Dobhair a chaith a saol ar fad sa cheantar ach nuair a chuaigh sí deireadh seachtaine amháin chuig bainis i gContae an Chláir.

Insítear scéal faoi sheanbhean i nGaoth Dobhair a chaith a saol ar fad sa cheantar ach nuair a chuaigh sí deireadh seachtaine amháin chuig bainis i gContae an Chláir.

Chuaigh sí i dtacsaí agus agus tháinig sí abhaile díreach i ndiaidh na bainise. Ach bhí athrú ina cuid comhrá as sin amach. Luaigh sí Contae an Chláir i ngach comhrá:‘Nuair a bhí mise i gContae an Chláir’ …‘Tá sé difriúil i gContae an Chláir’…‘I gContae an Chláir, deir siad..’ srl. Bhuel, sílim go mbeidh mé féin mar a gcéanna. Tá mé i ndiaidh tréimhse a chaitheamh san Astráil. Bhí rogha agam – an Astráil nó Bun Dobhráin. Phioc mé an Astráil. Tá a fhios agam go raibh mé beag beann ar leas mo thír dhúchais, ach ní bhíonn saoi gan locht.

Mar sin de, nuair a bhí mé i mBrisbane, bhuail mé isteach i dteach tábhairne Uí Mháille fá choinne gloine líomanáide. Bhí banna ceoil Éireannach ag seinm: Muca Uí Mhurchú. Bhí duine déag ar an ardán agus bhí siad ‘ag eitilt’! Bíonn grúpa rinceoirí ag damhsa in éineacht leo mar chuid den seó. Tugann siad Muicíní Uí Mhurchú orthu féin! Bhunaigh Peter Vincent agus John Graham na Muca sa bhliain 2004. Dhá bhliain níos moille chuaigh siad go dtí an Festival Interceltique i Lorient sa Fhrainc. Bhí ceathrar sa ghrúpa ag an am sin. Fuair siad ardmholadh ón lucht féachana agus ó na meáin. Anois is é an banna ceoil Ceilteach is mó san Astráil. Labhair mé le John Graham. Is fear lách é, aithriseoir agus fear grinn iontach, agus amhránaí agus ceoltóir den scoth. Fuair an grúpa an gradam Australian Celtic Album of the Year 2015.Tá sé ar intinn acu teacht go hÉirinn an bhliain seo chugainn. Is féidir samplaí dá gcuid ceoil a chluinstean ar a suíomh www.murphyspigs.com, nó ar Facebook. Agus abair le do chairde gur léigh tú fúthu den chéad uair ar an Derry Journal!