Ná caith le haill í!

D’fhoilsigh an Dochtúir Conchúr Ó Giollagáin tuairisc an tseachtain seo caite a chuirfidh imní ar lucht na Gaeilge.

D’fhoilsigh an Dochtúir Conchúr Ó Giollagáin tuairisc an tseachtain seo caite a chuirfidh imní ar lucht na Gaeilge.

Deir sé nach mbeidh an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail faoi cheann deich mbliana. Lochtaíonn sé an Stát faoina dhoicheall: tá géarchéim ann agus tá cur chuige i bhfad níos forásaí de dhíth. Ghuigh an ghlúin dheireanach Dia Gaeltacht a dhéanamh d’Éirinn gan roinnt. Anois de réir cosúlachta, ní bheidh Gaeltacht ann fiú. Scríobh an foclóirí Niall O Dónaill go mbeadh todhchaí na Gaeilge sna cathracha. Bhí cuid den cheart aige, ach is í an Ghaeltacht tobar na teanga, áit a bhfuil na cainteoirí is fearr sa tír, áit a bhfuil traidisiún gan bhriseadh: tá muid ag brath ar an fhoinse sin.

Is féidir bheith dóchasach i mbailte móra áirithe go dtí pointe. I nDoire mar shampla, thig leat dioplóma nó céim a dhéanamh sa Ghaeilge in Ollscoil Mhig Aoidh. Freastalaíonn an Chultúrlann, Cumann Gaelach Chnoc Na Rós agus lárionaid eile go maith ar dhaoine fásta. Bíonn grúpaí comhrá ar siúl ar fud na cathrach. Tá na torthaí GCSE agus GCE maith, cé nach ndéanann an chuid is mó de na daltaí sna meánscoileanna Gaeilge.Tháinig cuid mhaith den dul chun cinn sna cathracha ón Ghaelscolaíocht. Bhuel, i nDoire, tá drochscéal agus dea-scéal ann. Tá trí bhunscoil Ghaeilge ann agus tá na rollaí íseal i ngach ceann acu. Ach tá dea-scéal ann maidir le meánscolaíocht. Bunaíodh sruth Gaeilge i gColáiste Bhríde anuraidh agus tá ag éirí thar cionn leis: tá na háiseanna agus an fhoireann sa scoil thar barr. Beidh méadú suntasach ar líon na ndaltaí an bhliain seo chugainn. Mar sin de, beidh grúpa de mhic léinn sa chathair a mbeidh 12 bliain d’oideachas trí mheán na Gaeilge acu, daoine óga a bheidh ábalta ról dearfach a ghlacadh i saol na teanga i nDoire as seo amach.