Slán leis an Ghaeilge?

In alt in tuairisc.ie ar na mallaibh deir an fealsamh Déasún Fennell go dtiocfadh dó go mbeidh an Ghaeilge cosúil leis an Laidin i gceann deich mbliana.

In alt in tuairisc.ie ar na mallaibh deir an fealsamh Déasún Fennell go dtiocfadh dó go mbeidh an Ghaeilge cosúil leis an Laidin i gceann deich mbliana.

Múintear an Laidin go fóill i scoileanna. Is féidir an nuacht a fháil i Laidin ar an idirlíon. Labhraíonn díograiseoirí an teanga eatarthu féin ach ní teanga phobail í níos mó.

Hide Ad
Hide Ad

Más mian linn meath na Gaeilge a chosc, de réir Fennell is gá ciall an fhocail –‘pobal’ a leathnú ó dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar chéanna in Éirinn go daoine atá ina gcónaí in Éirinn. Molann sé gréasán de chainteoirí cumasacha – 1000 duine ar dtús – a bheadh i dteagmháil lena chéile go rialta agus a gheallfadh Gaeilge a labhairt lena dteaghlaigh agus eatarthu féin. Creideann sé go méadófaí an líon go 8,000 trí scrúdú bliantúil d’iarrthóirí nua. Bheadh tionchar mór ag an ghrúpa agus bheadh an teanga sábháilte dá bharr. Bheinn breá sásta triail a bhaint as rud ar bith sa ghéarchéim. Ach tá baol ann nach mbeadh ach club leithleach ann i ndeireadh na dála.

Tá i bhfad níos mó ná sin de dhíth, áfach. Den chéad dul síos caithfimid deireadh a chur le béalghrá polaitiúil. An féidir maíomh gur príomhtheanga na hÉireann í an Ghaeilge nuair atá Gaeilge ag 36 duine i measc na 4,114 a fuair post nó ardú céime i ranna stáit sa Deisceart anuraidh? Tá Gaelscoileanna de dhíth orainn ar fud na tíre. Caithfimid an earnáil sin a neartú agus an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna eile. Teastaíonn athruithe i dteagasc na gramadaí agus na litríochta uainn. Tá sreang de shiopaí de dhíth chun irisí agus leabhair a dháiliú. Níos mó ná rud ar bith eile, ní mór dúinn timpeallacht Ghaeilge a chruthú. Is féidir le duine a bhfuil Gaeilge ar bith aige cur leis sin le hiarracht bheag. Ach an bhfuil neart tola againn?