Úrscéal úr Gaeilge lonnaithe i nDoire

Tá úrscéal úr scríofa ag an t-údar Dave Duggan agus é lonnaithe i siopa gruaige i gcathair Dhoire sa lá atá inniu ann.
Watch more of our videos on Shots! 
and live on Freeview channel 276
Visit Shots! now

Tá úrscéal úr scríofa ag an t-údar Dave Duggan agus é lonnaithe i siopa gruaige i gcathair Dhoire sa lá atá inniu ann.

Ór agus Mil atá ar an úrscéal, a bheas ar fáil ar an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair agus is é seo an chúigiú leabhar de chuid Duggan, an dara cheann acu i nGaeilge. Is as Port Láirge ó dhúchas do Dave ach tá sé lonnaithe i nDoire le breis agus 30 bliain anuas.

Hide Ad
Hide Ad

Dúirt Dave: “Ór agus Mil, dráma gnó, grá, gruaim, gliondar, sin atá i gceist, suite i siopa gruaige. Is cairde ón cliabhán iad Josie agus Fiona a d’fhreastail ar an ‘tech’ agus a fuair cáilíochtaí gruaige. In ionad dul isteach i salón a bhí ann cheana le taithí agus tuilleadh eolais a fháil, d’oscail siad a gceann féin láithreach. Tá siad iontach óg agus níl mórán taithí acu agus nuair a osclaíonn an úrscéal, feictear go bhfuil fadhbanna acu. Fadhbanna gnó, fadhbanna caidrimh, fadhbanna grá. Tá an t-úrscéal scríofa orthu beirt ach tá cúplaí eile ann; idir Josie agus Feilim, a ghrá gheal; idir Fiona agus a máthair Eileen; idir Fiona agus Tightner, an fear ar leiseann an salón a bhfuil siad ag íoc cíosa air. An radharc is cinniúnaí, thig leat a rá, ná nuair a bhuaileann sé le bainisteoir an bhainc. An mbeidh an bacairt bainte díobh nó an mbeidh sé ag éirí níos déine? Sin an cheist atá ann.

Dave Duggan.Dave Duggan.
Dave Duggan.

“Tá sé do dhaoine fásta agus do léitheoirí ginearálta. Ficsean atá ann atá éadrom ar leibhéal amháin ach tá doimhneas ann fosta. Tá sé bríomhar.

“Tá mo shaothar iomlán bunaithe ar - mar a deir siad sa Bhéarla - the Human Condition. Bunchloch an scéala ná an saol seo, caidrimh idir daoine. Tá dúil agam i ndaoine aonaracha nó grúpaí beaga mar cúpla nó foireann oibre. Cén dóigh a luíonn an stair, an domhain, an sochaí ar an duine sin? Cad é a dhéanann sé nó sí le maireachtáil agus gliondar a bhaint as an saol? Salón gruagaire, is áit spéisiúil é sin. Mar a tharlaíonn sé, scríobh mé dráma stáitse i 2018 den teideal ‘Gruaigrí’ agus bhí Fiona agus Josie sa dráma sin. So thiocfadh leat a rá gurb é foinse na húrscéalta ná an dráma stáitse sin. Tá an scéal athraithe go mór ach tá fréamhacha na húrscéalta taobh istigh den dráma sin.

“Is minic a chothaím scéal nó dráma nó scannán nó cibé agus go bhfanann na carachtar liom thar na blianta. Tagann siad amach arís i bhfoirm éagsúil eile agus b’shin a tharla anseo.

Hide Ad
Hide Ad

“An chomhthéacs ina bhfuil Fiona agus Josie ag obair ann, thig leat a chreidiúint go mbeadh Gaeilge ag Fiona agus Josie ón scoil. Fiú amháin, go mbeadh Gaeilge ag Eileen agus Tightner ach in amanna deirtear nach mbeadh Gaeilge ar na custaiméirí agus nach bhfuil sé fíor sa dóigh sin. Ach an rud a deirim féin, tá sé fíor sa leabhair. Leabhair ficsean é. I saothar s’agamsa, labhraíonn achan duine Gaeilge.

"r agus Mil, an t-úrscéal is déanaí le Dave Duggan, a bheas ar fáil ón chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair."r agus Mil, an t-úrscéal is déanaí le Dave Duggan, a bheas ar fáil ón chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair.
"r agus Mil, an t-úrscéal is déanaí le Dave Duggan, a bheas ar fáil ón chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair.

“An chéad úrscéal i nGaeilge, MAKARONIK atá air, agus tá sé lonnaithe i dtodhchaí dhiostóipeach. Tá sé lonnaithe anseo i nDoire ach amuigh sa todhchaí, ach an cheann seo lonnaithe anseo sa lá atá inniu ann. Is minic a athraím an seánra agus an foirm - braitheann sé ar an ábhar agus na carachtar so is breá liom a bheith ag plé le foirmeacha agus stíleanna éagsúla. Leis sin a rá, tá saothar idir láimhe agam anois i mBéarla, cnuasach aistí faoin teidil ‘Journey Work’. Tá mé ag dúil lena bheith i gcló an bhliain seo chugainn. Cnuasach aistí atá ann - trí cheann déag - ar shaothar s’agamsa, saol agus smaointí s’agamsa go ginearálta, ag déanamh breithiúnas éigin ar mo shaol ar mo shaothar.”

Tá Ór agus Mil ar fáil in Little Acorns Bookstore ar Bhóthar Feabhail agus i siopaí leabhair eile ar fud na tíre.