Tuairimí á lorg maidir le Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin
“Tá sé tábhachtach go mbaineann pobal na Gaeilge feidhm as an deis seo le tuairimí a thabhairt ar na seirbhísí le go mbeidh muid in ann na seirbhísí sin a mhúnlú agus a fheabhsú agus chun bearnaí sa tseirbhís a aimsiú.” arsa Erin Hamilton, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.
Is féidir teacht ar an suirbhé ag an nasc a leanas agus ní mór an suirbhé a bheith comhlánaithe roimh an Aoine 29 Samhain 2019: https://www.surveymonkey.co.uk/r/G9YMPGYMá tá tuilleadh eolais de dhíth ort, is féidir dul i dteagmháil le Erin Hamilton, Oifigeach Gaeilge, [email protected] , T:028 71 376 579