Sraithe theilifíse nua Kayak Ó Thuaidh faoi Loch Feabhail, Dún na nGall agus an chósta thuaid

I sraith nua BBC Gaeilge, leantar na láithreoirí Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh agus iad ag tabhairt faoi eachtra eipiciúil ag céaslú ó cheann ceann an chósta thuaidh.
Watch more of our videos on Shots! 
and live on Freeview channel 276
Visit Shots! now

In éineacht leis an saineolaí cadhcála John Hubbocks, tugann ár mbeirt tosaitheoirí cadhcála faoi dhúshlán na gaoithe agus na dtonnta dothuartha san Atlantach, ag cur crua orthu féin leis an aistear crua a chur i gcrích.

Caitheann an tsraith ceithre chlár seo, a rinne Macha Media do BBC Gaeilge agus RTÉ le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, caitheann sí solas ar an radharc tíre fíorálainn ar ár gcósta thuaidh Atlantaigh, ar a stair shaibhir agus ar na daoine a bhfuil cónaí orthu ann.

Hide Ad
Hide Ad

Tá go leor dúshlán roimh Tessa agus Irial i rith an bhealaigh agus tarraingíonn siad ar iomlán a nirt agus ar a ndiongbháilteacht choirp le teacht trí stoirmeacha, taoidí agus gortuithe, agus iad ag céaslú ó iarthuaisceart Dhún na nGall go cósta oirthuaiscirt Chontae Aontroma.

John Hubbocks, Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh ag rámhaíocht go Gabhla.John Hubbocks, Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh ag rámhaíocht go Gabhla.
John Hubbocks, Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh ag rámhaíocht go Gabhla.

Sa chéad chlár, ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland ar an Luan 11 Márta ar 10pm, tugann na láithreoirí faoi dhian-seisiúin traenála i gContae an Dúin sula dtosaíonn siad ar a dturas ag cé an Bhun Bhig i gContae Dhún na nGall. Is é an chéad dúshlán ná turas amach go Gabhla agus as sin go Cnoc Fola i nGaoth Dobhair.

Read More
700 acres of grassland better at carbon storage than rainforest identified at Lo...

I gclár a dó, leanann siad leo le céaslú dúshlánach ó thrá Mhachaire Rabhartaigh go Toraigh agus ar aghaidh go Cuan na gCaorach, ag críochnú ag an teach solais íocónach ar imeall leithinis Fhánada.

Téann ár dtaiscéalaithe i ngleic le hInis Eoghain i gclár a trí, ag tosú ó dhúnfort an Dúin Riabhaigh agus ag dul amach go hInis Trá Tholl, an t-oileán is faide ó thuaidh in Éirinn, agus leanann siad orthu soir i dtreo Loch Feabhail agus Aird Mhic Giollagáin.

Hide Ad
Hide Ad

Sa chlár deiridh, tosaíonn Tessa agus Irial ar an chéim dheireanach den aistear ó Aird Mhic Giollagáin go Baile an Chaistil, le h-iarracht mhór amháin eile á tabhairt amach go dtí an tearmann speisialta fiadhúlra ar Reachlainn.

Tosaíonn Kayak Ó Thuaidh ar an Luan 11 Márta ar 10pm ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland. Beidh an ceithre chlár le fáil ar BBC iPlayer ón dáta seo.