Clár Téarnaimh COVID do ghrúpaí pobail Gaeilge

D’fhógair Glór na nGael ar maidin go gcuirfear scéim deontas $1.3m ar fáil do ghrúpaí sa tuaisceart atá ag feidhmiú ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Glór na nGaelGlór na nGael
Glór na nGael

Osclaíodh an scéim inniu (Dé hAoine) agus druidfear é ar Eanáir 28 i mbliana.

Is í an aidhm atá leis an gciste seo ná easnaimh oibriúcháin a tharla le linn na bliana airgeadais 2021/22, de bharr na paindéime Covid, a laghdú nó a ghlanadh.

Hide Ad
Hide Ad

Dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha Pobail: “In ainneoin na srianta a bhí ar ghiniúint ioncaim agus ar thionscnaimh forbartha, tá meas agus buíochas ag dul don earnáil dheonach seo as a misneach agus a dílseacht leanúnach dá bpobail.

Tá súil againn go mbeidh an ciste seo ina chúnamh dóibh”

Tá maoiniú an chiste seo curtha ar fáil ag an Feidhmeannais agus an tAire Pobal Deirdre Hargey CTR chun tacú le heagraíochtaí a raibh tionchar diúltach airgeadais ag an phaindéim orthu sa bhliain airgeadais ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Márta 2022.

Tá súil ag Glór na nGael go gcuideoidh an scéim seo leis na grúpaí pobail Gaeilge a bhí ag obair go crua ó thus na paindéime atá ag atógáil i gcomhair na todhchaí agus í mar aidhm acu filleadh ar chlár iomlán seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin scéim ag https://www.glornangael.ie/ctc