Clár fíorúil Sheachtain na Gaeilge 2021 seolta ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin
This article contains affiliate links. We may earn a small commission on items purchased through this article, but that does not affect our editorial judgement.
Tá lúcháir ar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin bheith mar chuid de na hiarrachtaí seo leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus le deiseanna a chur ar fáil don phobal ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga.
Tá neart éagsúlachta geallta ar chlár na féile i mbliana, scéim an Fháinne, Blaschúrsa Gaeilge, ceiliúradh ar Lá na bPobal Nua, ceiliúradh ar Lá Domhanda na Leabhar, ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan mar aon le himeachtaí spreagúla eile. Tá níos mó deiseanna ann ná riamh roimhe bheith ag plé leis an Ghaeilge i mbliana agus na himeachtaí ar fad ar líne.
Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide AdDúirt Erin Hamilton, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin: "Tá lúcháir ar an Chomhairle bheith in ann tacú le Seachtain na Gaeilge i mbliana agus tá muid thar a bheith sásta go bhfuil muid in ann freastal ar lucht éisteachta níos mó agus ar bhonn reigiúnach i mbliana trí bheith ar líne agus an obair pháirtíochta atá idir lámha againn le Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar cuid de na himeachtaí chomh maith.
"Tá súil againn go mbainfidh gach duine sult as an chlár i mbliana le himeachtaí ann do gach aoisghrupa, idir óg agus aosta."
Beidh teacht ar ár n-imeachtaí ar fad ar-líne ag: http://derrystrabane.com/gaeilgeFacebook : http://facebook.com/foramphobalnagaeilgeYotube: http://tinyurl.com/gaeilge2021Clár Imeachtaí: https://issuu.com/gaeilge/docs/seachtain_na_gaeilge_2021