Gaeilgeoirí á lorg le hábhar a chur isteach chuig cartlann úr phaindéime

Cad é mar a chuimhneoidh muid ar ar an bhliain seo?
Oifigeach Gaeilge, Erin Hamilton.Oifigeach Gaeilge, Erin Hamilton.
Oifigeach Gaeilge, Erin Hamilton.

Is bliain eisceachtúil, stairiúil í 2020 agus tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ag lorg rannpháirteachas ón phobal leis an bhlian seo a thaifeadadh agus a chartlannú, pobal na Gaeilge ina measc.

Cad é mar is féidir leat páirt a ghlacadh? Fáiltíonn an Chomhairle roimh aighneachtaí ón phobal a thugann léargas ar a dtaithí ó aimsir na paindéime.

Hide Ad
Hide Ad

Is féidir seo a dhéanamh trí íomhá a chur isteach, nó dán nó scéal a a scríobh a shonraíonn do shaol, saol do theaghlaigh, nó saol na scoile le linn na paindéime.

Tá muid ag lorg ábhar ó phobal na Gaeilge don togra seo mar go bhfuil sé tábhachtach go bhfáiltíonn muid roimh léargais éagsúla ar an phaindéim, agus chuige sin, chuirfeadh muid fáilte ar leith roimh phobail na nGaelscoileanna ábhar a chur isteach i nGaeilge a dhéanann cur síos i nGaeilge ar an bhliain eisceachtúil seo.

Rachaidh an t-ábhar isteach i gcarlann dhigiteach na Comhairle agus roinnfear an t-ábhar le Parlaimint na hEorpa dá tionscadal - My House of European History – atá ag bailiú eolas, scéalta, agus ábhar ó phobail ar fud fad na hEorpa le léargas a thabhairt ar stair na linne seo. Seo deis iontach do phobal na Gaeilge bheith leirithe i dtogra uile-Eorpach a chuirfidh an Ghaeilge agus taithí phobal na Gaeilge ar an ardán.

Is féidir aighneachtaí a chur isteach chuig: [email protected]

Tuilleadh eolais ar fáil ón Oifigeach Gaeilge, Erin Hamilton ar: [email protected]

Comment Guidelines

National World encourages reader discussion on our stories. User feedback, insights and back-and-forth exchanges add a rich layer of context to reporting. Please review our Community Guidelines before commenting.