An Trucailín

Cuirfear Pádraig Mac Piarais, ceannaire 1916, os ár gcomhair i leabhair, in irisí, i léachtaí, ar an teilifís agus in imeachtaí éagsúla i rith na bliana.

Tá a fhios ag an saol gur scríbhneoir é, go raibh sé ina theagascóir agus ina ghníomhaí teanga. Ní bheidh a fhios ag a lán daoine go raibh sé ina dhlíodóir fosta. Ach de réir cosúlachta níor chosain sé ach cás amháin, agus chaill sé é. Insíodh an scéal fá dtaobh de i gclár faisnéise ar TG4 cúpla lá ó shin: ‘An Trucailín Donn’. Mura chuala tú an scéal, b’fhéidir gur chuala tú an t-amhrán. Sa bhliain 1905 cuireadh an dlí ar Niall Mac Giolla Bhríde toisc gur scríobh sé a ainm ar a thrucail i nGaeilge in áit an Bhéarla. Thug Conradh na Gaeilge an cás os comhair na hArdchúirte ach diúltaíodh an t-achomharc agus iarradh ar Niall fíneáil a íoc nó dul go príosún.

Hide Ad
Hide Ad

Tá baint ag Doire leis an scéal. Chuaigh Niall go dtí an chathair chun a phionós a chur isteach i bPríosún Dhoire- ní raibh sé sásta an fhíneáil a íoc. Bhí sé ar mire nuair a fuair sé amach gur íoc duine éigin an cháin. Creidtear gur íoc na Péas í chun trioblóid a sheachaint.

Scríobh Liam Ó Connacháin síos scéal bheatha Néill. Colúnaí an Derry Journal ab ea Liam. Bhí colún seachtainiúil aige faoin ainm cleite ‘Fear Feasa’. Scríobh sé i mBéarla den chuid is mó ar imeachtaí in iarthar Thír Chonaill. Iriseoir éirimiúil a bhí ann: bhí sé in ann leathanach iomlán a líonadh gach seachtain- agus mórbhileog a bhí i gceist ag an am. Scríobh Niall i nGaeilge agus i mBéarla fosta cé nach bhfuair sé a lán oideachais fhoirmeálta. D’fhoghlaim sé Gaeilge a léamh agus a scríobh níos moille sa saol as siocair go raibh cosc ar an teanga nuair a bhí sé ar scoil. Scríobh sé amhráin agus i measc na n-amhrán a chum sé bhí ‘Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí’ agus ‘The Hills of Donegal’.