Contae na nÚllord

Thosaigh sraith ghairid de cheithre chlár ar BBC2 Dé Luain seo caite: '˜Píobairí Ard Mhacha- The Armagh Pipers'. Insíodh stair an chumainn atá caoga bliain ar an saol i mbliana.

Bhunaigh Brian Valelly agus a bhean chéile Eithne an club. Tagann na céadta foghlaimeoir chuig ranganna an chlub gach bliain agus tá clú idirnáisiúnta ar iardhaltai. Bhí béim ar an cheol sa chlár, ar ndóígh, ach chuaigh ard-chaighdeán na Gaeilge a bhí ag na daoine áitiúla a labhair ar an chlár i bhfeidhm orm go mór.

Tá an Ghaeilge an-láidir sa cheantar. Tá craobhacha ag Conradh na Gaeilge i gCathair Ard Mhacha féin, ar an Lorgain, i gCrois Mhic Lionnáin ar an Sruthán, i mBéal Leice agus ar an Mhullach Bhán.

Hide Ad
Hide Ad

Ar leibhéal na scoileanna, tá scéal iontach ann. Fuair Coláiste Chaitríona na torthaí GCSE ab fhearr i dTuaisceart Éireann i mbliana. Fuair 100% de na daltaí cúig GCSE A*-C, nó níos mó! Agus ní scoil ghramadaí é: ní aithníonn sé an 11+ neamhoifigiúil. Tá naonúr múinteoirí Gaeilge sa scoil; bhí ar an Choláiste múinteoirí Gaeilge breise a fhostú ar na mallaibh. Déanann gach dalta Gaeilge sa chéad bhliain. Tá 168 dalta ag freastal ar an sruth Gaeilge. Tagann siadsan ó na sébhunscoil Ghaeilge sa cheantar. Ag eochairchéim 3, déanann siad Stair, Teicneolaíocht agus Dearadh, Teagasc Críostaí, Foghlaim don Saol agus don Obair, Gaeilge agus Eacnamaíocht Bhaile trí Ghaeilge. Ag eochairchéim 4, déanann siad ceithre ábhar trí Ghaeilge faoi láthair.

Cuirtear dualgas ar na hiardhaltaí Gaelscoile Gaeilge a úsáid tríd an scoil. Spreagann sin na daltaí nach bhfuil an méid sin Gaeilge acu. Is cuid den scoil é an sruth Gaeilge. Bíonn na daltaí páirteach in imeachtaí a bhaineann leis an scoil go léir chomh maith le himeachtaí a eagraítear dóibh tríd an Ghaeilge. Tá iris idirlín ag na Gaeilgeoirí óga. Bhí turais acu go Baile Átha Cliath, go Learpholl agus go Barcelona le déanaí!

Tá éacht déanta ag Coláiste Chaitríona chan amháin maidir leis an Ghaeilge. Tá fealsúnacht ag an scoil a aithníonn luach agus ábaltacht na ndaltaí uilig. Molann na múinteoirí na scoláirí agus tagann siad.

Related topics: