Fad saoil!

Tháinig fir is d'imigh fir, is tiocfaidh fir is imeoidh; Ach bhíos ag rith, is táim ag rith, is bead ag rith i gcónaí'

Tháinig fir is d’imigh fir, is tiocfaidh fir is imeoidh; Ach bhíos ag rith, is táim ag rith, is bead ag rith i gcónaí’

Is breá liomsa an leagan Gaeilge den dán clúiteach, ‘The Brook’, le Lord Tennyson. Sruthán atá ag caint (Tá an dán rud beag osréalach!).

Hide Ad
Hide Ad

Tháinig agus d’imigh a lán irisí Gaeilge ó bhí an bhliain 1911 ann – an bhliain ar bunaíodh ‘Timire an Chroí Ró-naofa’, ‘deirfiúr bheag Ghaelach’ den ‘Sacred Heart Messenger’, ach tá an iris bheag Ghaeilge sin ann go fóill. Is iris Chaitliceach í, ar ndóigh. Luaitear an Papa Proinsias in áiteanna éagsúla san iris- rud nach ionadh: is iris Íosánach í agus is Íosánach é an Papa. Ach ní foilseachán bolscaireachta é, ag iarraidh reiligiún amháin a shá siar i do chraos. Cuirtear béim ar ghníomhaíocht, chan ar dhogma. Scríobhann bean rialta Chóiréach ar ‘Obair Dé Thuas ar Shléibhte na nAindeas’, mar shampla. Tá alt eile ann ar ‘Age Action’, ceann eile ar Thearmann Éanna i gConamara Theas, lárionad a chuidíonn le daoine an saol a chaitheamh go neamhspleách.

Clúdaítear a lán ábhair eile: stair na hÉireann, spórt, polaitíocht, filíocht, scéal do pháistí, oideachas, léirmheasanna leabhar, léirmheas scannáin srl. Tá oideas ann do chíste líomóide ceobhránach, fiú!

Is léir go bhfuil a fhios ag na scríbhneoirí go bhfuil siad ag scríobh don léitheoir ginearálta. Téann foclóirín le gach alt le cuidiú le daoine a bhfuil meirg ar a gcuid Gaeilge! Déanann an t-eagarthóir agus a fhoireann sár-jab. Tá leagan amach na h-irise an-tarraingteach. Má tá tú ábalta.’An bhfuil Gaeilge agat?’ a léamh, beidh tú ábalta ‘An Timire’ a léamh agus bainfidh tú leas as an iris maidir leis an teanga agus maidir le do shaol! Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón suíomh www.timire.ie. Ní chosnaíonn ‘An Timire’ ach €20/£15 sa bhliain, tríd an phost. Méadaíodh an praghas rud beag ar an mallaibh, ach tá an méid leathanach méadaithe mar chúiteamh!